Skip to main content
Normal View

Scoláireachtaí Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 21 April 2021

Wednesday, 21 April 2021

Questions (665)

Pearse Doherty

Question:

665. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faoi aon phlean ag an Roinn faoi láthair maidir le coláistí samhraidh sa Ghaeltacht in 2021; an bhfuil maoiniú curtha i leataobh do mhná agus fir tí mura bhfuil na cúrsaí sin á reáchtáil mar gheall ar Covid-19; an bhfuil an tAire sásta ráthaíocht a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta a bhíonn ag brath ar na cúrsaí seo go mbeidh cúiteamh ar fáil dóibh mura dtéann na cúrsaí ar aghaidh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [20803/21]

View answer

Written answers

I gcomhthéacs an chúraim atá ar an Roinn tacú le hearnáil na gColáistí Samhraidh agus ar mhaithe le soiléiriú a dhéanamh oiread is féidir ar na bunriachtanais a chaithfí a chomhlíonadh i gcás go mbeadh cúrsaí Gaeilge in ann dul ar aghaidh an samhradh seo, scaipeadh dréacht-treoirlínte maidir le COVID-19 ar earnáil na gcoláistí Gaeilge ag tús na seachtaine seo.

Is ar lucht stiúrtha na gColáistí Gaeilge agus ar theaghlaigh cháilithe Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil dóibh atá na treoirlínte dírithe.

Ós rud é go dtagann na treoirlínte seo faoi réir pé rialacháin agus comhairle sláinte phoiblí atá i bhfeidhm ag aon am faoi leith, aithnítear go bhféadfadh athruithe teacht orthu le linn an ama. Is dréacht-cháipéis bheo í dá réir.

Tar éis an deis a bheith ag gach éinne na dréacht-treoirlínte seo a mheas agus an deis a bheith ag lucht stiúrtha na gcoláistí dul i gcomhairle lena gcuid tithe faoin ábhar, beidh mé féin agus feidhmeannaigh na Roinne ag bualadh go gairid le hionadaíocht ó na teaghlaigh Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do na coláistí.

Beidh plé ann chomh maith le scáthghrúpa na gColáistí Samhraidh CONCOS. Ina theannta sin tá deis ann do pháirtithe leasmhara a gcuid tuairimí faoi na treoirlínte réamhluaite a roinnt i scríbhinn leis an Roinn idir seo agus 27 Aibreán.

Is é an cuspóir atá leis an mbeart seo trí chéile ná a chur ar shúile gach éinne a bhfuil baint acu leis an earnáil cad iad na himpleachtaí a bheadh ann dóibh ó thaobh COVID-19 i gcás go bhféadfaí dul ar aghaidh le cúrsaí ar an gcéad dul síos agus deis éisteachta agus plé a bheith ag an Roinn le páirtithe leasmhara faoin ábhar.

Ós rud é go bhfuil tosca COVID-19 ag athrú i rith an ama tá an scéal ar fad faoi an mbeifear in ann dul ar aghaidh le cúrsaí samhraidh á choinneáil faoi bhreithniú ag an Roinn i rith an ama i dtreo a bheith in ann cinntí a dhéanamh faoin ábhar i gcomhar le páirtithe leasmhara, oiread is féidir, nuair atá sé níos soiléire cad a cheaptar faoi na treoirlínte réamhluaite.

Top
Share