Skip to main content
Normal View

Earcaíocht san Earnáil Phoiblí

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 21 April 2021

Wednesday, 21 April 2021

Questions (75)

Éamon Ó Cuív

Question:

75. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe cén sprioc atá ann do líon na státseirbhíseach nua a earcófar i mbliana a mbeidh inniúlacht sa Ghaeilge acu; an sprioc dóibh siúd a mbeidh inniúlacht sa Bhéarla acu; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [18892/21]

View answer

Written answers

Níl aon spriocanna ann maidir le líon na státseirbhíseach nua atá le hearcú a bhfuil líofacht acu sa Ghaeilge agus/nó sa Bhéarla. Tá sé mar phríomhfhreagracht ar gach Aire agus Roinn caiteachas a bhainistiú laistigh dá leithdháiltí comhaontaithe agus, d’fhonn raon feidhme feabhsaithe a sholáthar do Ranna leibhéil agus comhdhéanamh a gcomhaltaí foirne a bhainistiú laistigh dá n-acmhainní airgeadais leithdháilte, tugadh isteach in 2015 beartas smachtbhanna tarmligthe maidir le bainistíocht foirne, earcaíocht san áireamh.

Mar is eol don Teachta, is í an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (SCP) an t-earcaitheoir neamhspleách le haghaidh ceapachán don státseirbhís. Tá an earcaíocht uile bunaithe ar éileamh agus tugann SCP faoi chomórtais thar ceann na státseirbhíse chun painéil a bhunú ar féidir leas a bhaint astu de réir mar a thagann folúntais chun cinn i Ranna nó in Oifigí Rialtais.

Féadfaidh iarrthóirí a labhraíonn Gaeilge iarratas a dhéanamh ar chomórtais dhátheangacha shonracha nó, mar mhalairt air sin, féadfaidh siad iarratas a dhéanamh ar chomórtais nach comórtais dhátheangacha iad agus a léiriú spéise i bpoist ina labhraítear Gaeilge nó i bpoist dhátheangacha a chur in iúl.

Beidh a fhios ag an Teachta go moltar i mBille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019, atá os comhair Thithe an Oireachtais faoi láthair, sprioc líofachta 20% sa Ghaeilge do gach earcaíocht nua sa tseirbhís phoiblí faoi 2030.

Top
Share