Aengus Ó Snodaigh
Question:938. Deputy Aengus Ó Snodaigh asked the Minister for Education cén fáth nach raibh leagan Gaeilge den Return to Educational Facility Parental Declaration Form, 78 focal san iomlán, a d’eisigh an Lárionad Faire um Chosaint Sláinte de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, ar fáil do thuismitheoirí mac léinn a fhreastalaíonn ar scoileanna lán-Ghaeilge, go háirithe os rud é gurbh éigean an fhoirm a bheith líonta acu dá bpáistí sula dtabharfaí cead dóibh filleadh ar an scoil le linn na dianghlasála leibhéal 5 is déanaí, agus an nglacann sé leis go bhfuil dualgas air agus ar FSS leaganacha Gaeilge d’fhoirmeacha den sórt sin a chur ar fáil go huathoibríoch, agus nach cóir go mbeadh ar phríomhoidí nó ar thuismitheoirí dul á lorg nó iad a aistriú. [18407/21]
View answer