Skip to main content
Normal View

Cúrsaí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 28 April 2021

Wednesday, 28 April 2021

Questions (135, 136)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

135. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den an Taoisigh cé hiad na hionadaithe Gaeilge a bhfuil Aonad um Oileán Comhroinnte a Roinne tar éis plé a bheith acu leo, mar atá luaite ina fhreagra ar mo cheist uimhir 9 den 21 Aibreán, uimhir thagartha 18418/21. [22206/21]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

136. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den an Taoisigh na dátaí agus na miontuairiscí den phlé a tharla idir ionadaithe Gaeilge agus Aonad um Oileán Comhroinnte a Roinne a chur in iúl don Teachta seo. [22207/21]

View answer

Written answers

I propose to take Questions Nos. 135 and 136 together.

Chas mé le hionadaithe sinsearacha ó gach ceann de na Comhlachtaí Forfheidhmithe Thuaidh-Theas ar an 19 Feabhra, lena n-áirítear Leas-Chathaoirleach agus Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge ar an 19 Feabhra. Phléamar tionscnamh Oileán Comhroinnte an Rialtais agus an méid tábhachtach a chuireann gach ceann de na Comhlachtaí sin leis an sprioc oibriú le chéile chun torthaí dearfacha a bhaint amach do gach duine ar an oileán seo.

Tá Aonad um Oileán Comhroinnte mo Roinne i mbun rannpháirtíochta ar bhonn leanúnach leis an tsochaí shibhialta agus le hionadaithe earnála ar an oileán chun eolas a dhéanamh dá chuid oibre. Reáchtáiltear an rannpháirtíocht sin ar bhonn rúnda, ach tá sé deimhnithe ag an aonad um Oileán Comhroinnte áfach, go bhfuil Conradh na Gaeilge sásta an cruinniú a bhí acu leis an aonad ar an 18 Samhain a lua san fhreagra ar an gceist seo.

Réamhchruinniú ab ea an cruinniú seo inar leag an t-aonad amach cur chuige agus tosaíochtaí an Rialtais don tionscnamh Oileán Comhroinnte, agus ról an aonaid chun an obair sin a chomhordú, chomh maith le hidirphlé a chothú agus taighde a choimisiúnú, fad is é i mbun obair dhlúth leis na Ranna agus Gníomhaireachtaí ábhartha. Chuir Conradh na Gaeilge a chuid tuairimí i láthair ar an tionscnamh Oileán Comhroinnte agus léirigh spéis dhearfach ann agus comhaontaíodh go bhfanfaí i dteagmháil.

Ní ábhar taifid phoiblí é rannpháirtíocht in imeachtaí Idirphlé maidir le hOileán Comhroinnte. Tá fiosrú déanta ag aonad um Oileán Comhroinnte mo Roinne áfach agus tá sé deimhnithe go bhfuil Údarás na Gaeltachta, Conradh na Gaeilge agus tionscadal Turas sásta an rannpháirtíocht a bhí acu féin in imeachtaí Idirphlé maidir le hOileán Comhroinnte a lua san fhreagra ar an gceist seo.

Tá aonad um Oileán Comhroinnte mo Roinne ag súil le leanúint den rannpháirtíocht le hionadaithe ar an nGaeilge mar chuid dá chuid oibre, i gcomhar leis na Ranna líne iomchuí a bhfuil freagrachtaí orthu i leith na Gaeilge.

I met with senior representatives of each of the North South Implementation Bodies on 19 February, including the Vice-Chair and CEO of Foras Na Gaeilge on 19 February. We discussed the Government’s Shared Island initiative and the critical contribution of each of the Bodies to the goal of working together to deliver positive outcomes for all the people of this island.

The Shared Island unit in my Department is engaging on an ongoing basis with civil society and sectoral representatives on the island to inform its work. These engagements are conducted on a confidential basis, however, the Shared Island unit has confirmed that Conradh na Gaeilge are content for their meeting with the unit on 18 November to be noted in response to this question.

This was an introductory meeting where the unit set out the Government’s approach and priorities for the Shared Island initiative, and the unit’s role in coordinating this work, and in fostering dialogue and commissioning research, working closely with relevant Departments and Agencies. Conradh na Gaeilge presented their views on and positive interest in the Shared Island initiative and it was agreed to remain in contact.

Participation in Shared Island Dialogue events is not a matter of public record. However, the Shared Island unit in my Department has inquired and confirmed that Údarás na Gaeltachta, Conradh na Gaeilge and the Turas project are content for their participation in recent Shared Island Dialogue events to be noted in response to this question.

The Shared Island unit in my Department looks forward to continuing to engage with Irish language representatives as part of its work, in cooperation with the relevant line Departments with responsibilities on the Irish language.

Top
Share