Skip to main content
Normal View

Craoltóirí Seirbhíse Poiblí

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 28 April 2021

Wednesday, 28 April 2021

Questions (364, 365, 366, 367)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

364. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cad é an difear ó thaobh aschur na seirbhíse nuachta teilifíse i mBéarla agus i nGaeilge ag RTÉ, briste síos ar an líon foirne, ceamraí, amanna craolta, buiséid an réamhthaifead, pá, agus maoiniú iomlán don dá seirbhís teanga. [21848/21]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

365. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cad é an difear ó thaobh aschur na seirbhíse nuachta raidió i mBéarla agus i nGaeilge ag RTÉ, briste síos ar an líon foirne, treallamh, amanna craolta, buiséid an réamhthaifead, pá, agus maoiniú iomlán don dá seirbhís teanga. [21849/21]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

366. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an ndéanfaidh sí aon rud chun stop a chur leis na ciorruithe suntasacha atá fógartha ag RTÉ ar sheirbhís nuachta na Gaeilge, nó chun a chinntiú go mbeidh nuacht Gaeilge ar RTÉ agus TG4 fós in ann imeachtaí i mBaile Átha Cliath a chlúdach beo. [21850/21]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

367. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an dtabharfaidh sí tacaíocht ar leith chun iriseoireacht iniúchta trí Ghaeilge a chothú sna meáin, go háirithe RTÉ agus TG4. [21851/21]

View answer

Written answers

Tá sé i gceist agam ceisteanna 364, 365, 366 agus 367 a fhreagairt le chéile.

Is craoltóirí seirbhíse poiblí náisiúnta neamhspleácha iad RTÉ agus TG4 a bhfuil a sainchúram agus a n-oibleagáidí leagtha amach san Acht Craolacháin 2009 agus, dá bharr sin, níl aon ról agam ina gcuid oibríochtaí ó lá go lá. Foráiltear in Alt 98 go mbeidh craoltóirí neamhspleách i gcomhlíonadh a gcuid feidhmeanna, faoi réir cheanglais an Achta Craolacháin 2009.

Top
Share