Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 28 April 2021

Wednesday, 28 April 2021

Questions (55, 59)

Aindrias Moynihan

Question:

55. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén teagmháil a bhí aici leis na coláistí samhraidh agus na páirtithe leasmhara éagsúla eile maidir le coláistí a rith an samhradh seo chugainn; cé na socruithe atá á ndéanamh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [21956/21]

View answer

Catherine Connolly

Question:

59. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an gcuirfear an pacáiste tacaíochta a bhí ann anuraidh ar fáil arís i mbliana chun cabhair a thabhairt do na coláistí samhraidh agus do na mná tí; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [21874/21]

View answer

Oral answers (8 contributions)

Tá an-tábhacht le cúrsaí samhraidh i gcomhair cothaithe teanga agus cúrsaí eacnamaíochta sna Gaeltachtaí. Tá sé soiléir nach mbeidh na gnáthchúrsaí á reáchtáil arís i mbliana ach go bhfuil seans go mbeidh cúrsaí laghdaithe ann. An bhféadfadh an tAire Stáit a léiriú cad é an teagmháil atá aige leis na páirtithe leasmhara? Cad iad na hullmhúcháin atá déanta i gcomhair na bliana romhainn agus i gcomhair na gcúrsaí más rud é go mbeidh cúrsaí in aon chor ann? Má tá siad laghdaithe, cén saghas tacaíochta a bheidh ar fáil i gcomhair pobail na Gaeltachta?

I gcomhthéacs an chúraim atá ar an Roinn tacú le hearnáil na gcoláistí samhraidh agus ar mhaithe le soiléiriú a dhéanamh oiread is féidir ar na bunriachtanais a chaithfí a chomhlíonadh i gcás go mbeadh cúrsaí Gaeilge in ann dul ar aghaidh an samhradh seo, scaipeadh dréacht-treoirlínte maidir le Covid-19 ar earnáil na gcoláistí Gaeilge ag tús na seachtaine seo caite. Is ar lucht stiúrtha na gcoláistí Gaeilge agus ar theaghlaigh cháilithe Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil dóibh atá na treoirlínte dírithe. Ós rud é go dtagann na treoirlínte seo faoi réir pé rialacháin agus comhairle sláinte phoiblí atá i bhfeidhm ag aon am faoi leith, aithnítear go bhféadfadh athruithe teacht orthu le linn an ama. Is dréachtcháipéis bheo í dá réir.

Bhí sraith chruinnithe agam féin agus ag feidhmeannaigh na Roinne le seachtain anuas le hionadaíocht ó na teaghlaigh Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do na coláistí. Bhí cruinniú againn chomh maith le scáthghrúpa na gcoláistí samhraidh, Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh, CONCOS, tar éis na deise a bhí tugtha do gach éinne na dréacht-treoirlínte seo a mheas. Anuas ar an gcomhairliúchán seo, chas mé le toscaireacht ó Choistí na Hallaí Pobail i gConamara níos túisce i mbliana chun a chuid riachtanais a phlé. Ina theannta sin, tugadh deis do pháirtithe leasmhara a gcuid tuairimí faoi na treoirlínte réamhluaite a roinnt i scríbhinn leis an Roinn le seachtain anuas.

Is é an cuspóir atá leis an mbeart comhairliúchán seo trí chéile ná a chur ar shúile gach éinne a bhfuil baint acu leis an earnáil cad iad na himpleachtaí a bheadh ann dóibh ó thaobh Covid-19 i gcás go bhféadfaí dul ar aghaidh le cúrsaí ar an gcéad dul síos agus deis éisteachta agus plé a bheith ag an Roinn le páirtithe leasmhara faoin ábhar. An sprioc atá leis na treoirlínte agus leis an bplé seo ar fad ná féachaint an féidir cúrsaí a reáchtáil go sábháilte an samhradh seo. Agus an comhairliúchán críochnaithe anois, déanfar cinneadh maidir le cúrsaí 2021 go gairid. Tá mé thar a bheith buíoch dóibh siúd ar fad a ghlac páirt sa chomhairliúchán seo le seachtain anuas agus bhí sé tábhachtach domsa go mbeadh deis acu a gcuid tuairimí a léiriú agus a phlé liom. Níl aon cheist ann ach gurb í sláinte an phobail an rud is tábhachtaí i gcónaí dúinn ar fad agus bhí sé sin le sonrú sa phlé ar fad.

Fáiltím roimh an comhairliúchán atá ar siúl agus don teagmháil. Tá sé sin an-dearfach agus tá sé tábhachtach go labhrófaí leis na páirtithe leasmhara éagsúla. Tá an-tábhacht leis na coláistí sna ceantair Ghaeltachta agus i measc an phobal chomh maith. Ní hamháin go bhfuil tábhacht leis an gcoláiste féin, leis na daoine a bhíonn ag obair ann agus leis na mná tí ach tá sé an-tábhachtach chomh maith i gcomhair na siopaí, na mbialann, na n-óstán agus mar sin de. Cé nach bhfuil siad bainteach go díreach leis an gcoláiste, faigheann siad an-tairbhe as agus i gcomhair cúrsaí eacnamaíochta pobal na Gaeltachta chomh maith. An raibh deis acu teagmháil a dhéanamh agus páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán agus an bhfuil deis go mbeidh tacaíocht ann dóibh siúd chomh maith nó conas a bhféadfaí é sin a dhéanamh?

Tuigim go bhfuil an comhairliúchán críochnaithe le cúpla lá anuas. An bhfuil tuairim faoi leith faoin tráth seo ar cathain a bheidh cinneadh déanta chun an pobal agus na coláistí a chur ar an eolas?

Tá sé deacair a bheith ag éisteacht leis an bhfreagra ceannann céanna a thug an tAire Stáit don Teachta Ó Snodaigh. Tá an cheist seo ardaithe agamsa, ag an Teachta Aindrias Moynihan agus ag an Teachta Ó Snodaigh. An fáth go bhfuil sé ardaithe againn ná go bhfuil sé chomh práinneach sin. Impím ar an Aire Stáit gan dul ar ais go dtí an freagra atá scríofa dó agus a chur in iúl don Dáil go bhfuil tuiscint aige cé chomh tábhachtach is atá an earnáil seo do na ceantair Ghaeltachta, do na gasúir, do na coláistí, do na mná tí atá ag brath ar na híocaíochtaí agus don teanga, atá chomh leochaileach sin. Seo an dara bliain. Níl an locht ar an Aire Stáit as Covid ach tá air cinneadh a dhéanamh anois cad atá i ndán do na coláistí samhraidh, do na mná tí agus do na gasúir don samhradh seo. Ná léigh amach an rud ceannann céanna. De réir mar a thuigim, bhí cruinnithe ag an Aire Stáit a bhí dírithe ar na treoirlínte. An cheist atá againne agus agamsa ná cén uair a bheidh cinneadh déanta agus an mbeidh pacáiste tarrthála i gceist cosúil leis an bpacáiste a bhí ann an bliain seo caite.

Mar a bheidh na cúrsaí ag dul ar aghaidh, beidh mo Roinn ag breathnú go géar ar an leibhéal tacaíochta a theastaítear a chur ar fáil don earnáil chun í a thabhairt slán isteach in 2022. San áireamh anseo beidh na mná tí, na hallaí pobail agus na coláistí féin. Anuraidh, cuireadh os cionn €4 milliún ar fáil ar phacáiste tacaíochta. Is earnáil í seo ar fiú €50 milliún in aghaidh na bliana do gheilleagar na Gaeltachta, rud a léiríonn a thábhacht do phobal na Gaeltachta. Tá mise, mar Aire Stáit le freagracht as an nGaeilge, tiomanta don earnáil a choinneáil beo, in ainneoin an tionchar atá á imirt ag an bpaindéim air. Beidh mé ag breathnú go géar ar an gceist seo sna seachtainí amach romhainn.

Glacaim leis go bhfuil rudaí ag tarlú anseo agus nach bhfuil an comhairliúchán agus an deis ag pobal ach díreach tar éis dúnadh ansin le cúpla lá anuas. Tá sé deacair é go léir a thabhairt le chéile go tapa ach tá brú ama ann. Tá an t-am ag sleamhnú i gcomhair clárúcháin agus gan dabht beidh tuismitheoirí agus pobal na Gaeltachta ag iarraidh pleanáil i gcomhair an tsamhraidh amach rompu. Tá sé soiléir nach mbeidh an gnáthchóras ann ach go mb’fhéidir go mbeadh cúrsaí laghdaithe i mí Lúnasa. Mar sin, tá sé fíorthábhachtach go ndéanfaí cinneadh ann agus go dtabharfaí treoir do dhaoine agus do na páirtithe leasmhara eile chomh luath in aon chor agus is féidir. Iarraim ar an Aire Stáit, más féidir in aon chor, gach iarracht a dhéanamh é sin a bhrostú ar aghaidh agus, más féidir, treoir ama a thabhairt. Bheadh sé cabhrach do mhuintir na Gaeltachta.

Tagraím do na comhlachtaí agus do na heagraíochtaí éagsúla lasmuigh de na coláistí a bheadh bainteach leo nó a bheadh ag baint tairbhe as na cúrsaí. An bhfuil slí éigin ann ina bhféadfaí tacú leo siúd?

Tá gá práinneach le soiléireacht. Croílár na Gaeltachta is ea an earnáil seo agus tá a fhios ag an Aire Stáit go bhfuil an Ghaeilge chomh leochaileach. An tseachtain seo, leagadh tuarascáil os comhair Thithe an Oireachtais ón gCoimisinéir Teanga, an beart deireanach a bhí sé in ann a dhéanamh. De réir mar a thuigim, tá sé i ndeireadh na feide de bharr easpa dula chun cinn ó thaobh An Gharda Síochána de toisc nach bhfuil a chuid dualgas á chomhlíonadh aige. Níl ansin ach sampla amháin ach tá samplaí eile. Tá muid ag caint anois faoi chroílár na Gaeltachta gan aon soiléireacht. Tá a fhios ag an Aire Stáit ón mbliain seo caite cad atá ag teastáil. Tá plean B ag teastáil i gcónaí. Más rud é go bhfuil sé beartaithe dul ar aghaidh leis na coláistí, agus buíochas le Dia go mbeifear, ach ansin nach bhfuil an cosúlacht sin ar an scéal, tá gá le plean B agus le cinneadh agus tá práinn leis sin. Impím ar an Aire Stáit beagáinín soiléireachta a thabhairt dúinn.

Mar a dúirt an Teachta Moynihan, tuigim go bhfuil an brú ann agus go bhfuil an cheist seo an-tábhachtach ach bhí sé thar a bheith tábhachtach domsa agus don Roinn go mbeadh deis againn labhairt le hionadaíocht na mná tí an tseachtain seo caite agus cloisteáil go díreach uathu sula ndéanfaí aon chinneadh faoi seo ar fad.

Chuir an Roinn tacaíocht de €4.7 milliún ar fáil anuraidh. Bhí sé dírithe ar an sprioc go mbeimis in ann earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge a choinneáil. Ó bunaíodh an Rialtas seo, tá an tAire, an Teachta Catherine Martin, agus mé féin ag obair gan staonadh lenár gcomhleacaithe sa Rialtas chun an chuid is measa de thioncar Covid-19 a mhaolú. Mar a dúirt mé, bhí cruinnithe againn an tseachtain seo caite agus tá próiseas ar súil. Chualamar an méid a bhí le rá ag na mná tí. Bhí an Roinn i dteagmháil le CONCOS freisin. Tuigim go bhfuil an cheist seo an-tábhachtach ag an am seo. Tuigim go bhfuil sé an-tábhachtach an cheist seo a fhreagairt go luath. Beimid i dteagmháil leis na mná tí agus le pobal na Gaeltachta go luath chun na freagraí sin a thabhart dóibh. Tá an próiseas atá ann an-tábhachtach freisin.

Top
Share