Skip to main content
Normal View

Gaeltacht Policy

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 5 May 2021

Wednesday, 5 May 2021

Questions (238, 239, 240)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

238. Deputy Aengus Ó Snodaigh asked the Minister for Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media if the full records of the 1925 Special Census of the Gaeltacht will be released in 2025 in line with the 100 year rule under the Statistics Act 1993; and if the necessary work is underway to conduct the conservation and digitisation of the data in individual 1925 Special Census forms for public release at the end of the statute period. [22451/21]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

239. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil sé i gceist ag an rialtas an taifead iomlán de Dhaonáireamh Speisialta na Gaeltachta a rinneadh sa bhliain 1925 a fhoilsiú in 2025 tar éis céad bliain, de réir an Achta Staidrimh, 1993; agus an bhfuil na riachtanais maidir le caomhnú agus digitiú na sonraí i ngach foirm a bhaineann leis an daonáireamh speisialta á gcomhlíonadh chun go mbeidh siad curtha ar fáil ag deireadh na tréimhse reachtúla céad bliain sin. [22452/21]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

240. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an ndéanfaidh sí an taifead iomlán den Daonáireamh Speisialta na Gaeltachta a rinneadh sa bhliain 1925 a chur ar fáil don phobal tráth níos luaithe ná cothrom 100 bliain ó rinneadh an daonáireamh, mar is gnách do dhaonáirimh, chun an tábhacht a bhaineann le Daonáireamh tosaigh an tSaorstáit a aithint, agus chun géarchéim shochtheangeolaíochta reatha na Gaeltachta a aithint, ionas go mbeimid in ann ceacht a fhoghlaim faoin tionchar a bhí ag bunú an stáit ar phobail na Gaeltachta. [22453/21]

View answer

Written answers

I propose to take Questions Nos. 238, 239 and 240 together.

Molaim freagraí a thabhairt ar cheisteanna uimh. 238, 239, agus 240 le chéile.

Chuir an Phríomh-Oifig Staidrimh in iúl dom nach ndéantar rangú ar an Daonáireamh Speisialta Gaeltachta 1925 mar Dhaonáireamh Daonra, mar níor tugadh faoi faoin Acht Staidrimh 1993 nó faoi aon cheann de na hachtacháin aisghairmithe, agus mar sin ní bhaineann Alt 35 den Acht Staidrimh 1993 leis.

Cé go dtuigim gur thug an Garda Síochána faoin áireamh, a bhí mar dhlúthchuid d’obair Choimisiún na Gaeltachta sa bhliain 1925, níl fáil ar aon chóip den áireamh seo ag mo Roinnse nó ag an gCartlann Náisiúnta.

B’fhéidir gur mhian leis an Teachta teagmháil a dhéanamh le m’oifigse má tá aon eolas aige faoi cén áit a bhfuil na taifid seo.

Question No. 239 answered with Question No. 238.
Question No. 240 answered with Question No. 238.
Top
Share