Skip to main content
Normal View

Oideachas trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 5 May 2021

Wednesday, 5 May 2021

Questions (401)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

401. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais cén fáth nach bhfuil aon bhéim ar labhairt na Gaeilge i measúnú T1 an Teastais Shóisearaigh i mbliana; an aontaíonn sí gurb é an dea-chleachtas le blianta beaga anuas béim a chur ar scileanna labhartha na Gaeilge agus daltaí a spreagadh chun an Ghaeilge a labhairt sa chóras oideachais; an bhfuil sé sásúil neamhaird a thabhairt ar dhea-chleachtais oideachasúil; agus an bhfuil sé i gceist aici aon ghníomh a dhéanamh chun cúnamh a thabhairt do na daltaí a bhí ag brath ar an measúnú ar labhairt na Gaeilge sna scrúduithe sin. [23230/21]

View answer

Written answers

Tá forbairt scileanna teanga labhartha na scoláirí chun tosaigh sna sonraíochtaí nua don Ghaeilge mar chuid den Chreat don tSraith Shóisearach.

Bhí an scrúdú béil a bhí sa Teastas Sóisearach roimhe seo roghnach agus ghlac thart ar 40% de na scoláirí é, agus ba iad na múinteoirí i gcoitinne a rinne measúnú air. Os a choinne sin, sna socruithe nua don mheasúnú a bhaineann leis an gCreat don tSraith Shóisearach, caithfidh gach scoláire a bheith páirteach i measúnú ar a scileanna labhartha trí Mheasúnú Rangbhunaithe. Tugann sé seo deis níos fearr do gach scoláire a scileanna cumais sa teanga ó bhéal a fhorbairt agus a fheabhsú thar thréimhse trí bliana na sraithe sóisearaí agus a gcumas ar Ghaeilge a úsáid a chothú.

Le héifeacht ó 2017, mar chuid den Chreat nua don tSraith Shóisearach, tá dhá shonraíocht nua mar chuid den tsraith shóisearach don Ghaeilge i scoileanna agus suíomhanna iar-bhunoideachais. Tá an tsonraíocht T1 (Teanga 1) dírithe ar scoláirí i scoileanna lán-Ghaeilge agus i scoileanna atá ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla ina bhfoghlaimítear ábhar amháin nó níos mó (seachas Gaeilge) trí mheán na Gaeilge. Tá an tsonraíocht T2 (Teanga 2) dírithe ar scoláirí eile i scoileanna a bhíonn ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla.

Tá béim láidir sna sonraíochtaí nua (T1 agus T2 araon) ar an teanga labhartha. Tá suntas ar leith tugtha do seo i bpríomhshnáithe na sonraíochtaí – Cumas Cumarsáide. Leagtar béim bhreise sa snáithe seo ar an nGaeilge mar theanga na foghlama agus na cumarsáide i seomraí ranga mar aon le béim ar na scileanna atá de dhíth chun cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le húsáideoirí eile na teanga. Bíonn an chumarsáid, deiseanna úsáide agus idirghníomhaíochta, go lárnach i dtascanna an tseomra ranga.

Bíonn an measúnú mar bhunchuid den eispéireas foriomlán foghlama teanga agus tarlaíonn sé ar roinnt bealaí. Mar aon le tascanna a chomhlánú ina ndéanann scoláirí a scileanna teanga labhartha a úsáid chun torthaí foghlama ar leith a bhaint amach, déantar a scileanna teanga labhartha a mheas go foirmiúil freisin tríd an dá Mheasúnú Rangbhunaithe (MRBanna) nua. Bíonn an dara Measúnú Rangbhunaithe ach go háirithe bunaithe go hiomlán ar chumas teanga labhartha scoláirí. Bíonn an MRB nasctha le comhráite leanúnacha sa seomra ranga agus is léiriú níos barántúla a bhíonn ann ar réimsí spéise agus ar leibhéil chumais scoláirí sa Ghaeilge. Rud tábhachtach, déantar scileanna labhartha na scoláirí go léir a mheas anois i measúnuithe rangbhunaithe agus tuairiscítear go foirmiúil orthu i bPróifíl Ghnóthachtála Sraithe Sóisearaí gach scoláire. Neamhchosúil leis an leagan amach a bhain leis an tuairisciú a bhí ann cheana ina bhfaigheann iarrthóirí aon ghrád amháin bunaithe ar a ngnóthachtáil sa Ghaeilge sa Teastas Sóisearach, cibé acu an ndéanann siad nó nach ndéanann siad an scrúdú béil roghnach, ceadaíonn Próifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí gnóthachtáil scoláirí sna MRBanna a chlárú go neamhspleách ar an toradh sa scrúdú stát-deimhnithe.

Tugann na socruithe nua seo deis níos fearr do scoláirí a scileanna cumais sa teanga labhartha a fhorbairt.

Leanann tiomantas mo Roinne maidir le húsáid na Gaeilge labhartha a spreagadh. Chruthaigh taighde agus comhairliúchán fairsing leis na comhpháirtithe oideachais, lena n-áirítear múinteoirí agus scoláirí, bonn eolais d’fhorbairt na sonraíochtaí curaclaim nua don Ghaeilge sa tSraith Shóisearach. Bíonn raon tacaíochtaí eile mar chomhlánú ar an bhforbairt ghairmiúil leanúnach (FGL) a chuirtear ar fáil do mhúinteoirí. Tugann an cur chuige nua níos mó aitheantais d’fhorbairt na hinniúlachta ó bhéal ag scoláirí, lena n-áirítear a gcumas Gaeilge a labhairt, thar na trí bliana den tsraith shóisearach.

Top
Share