Skip to main content
Normal View

Na hOileáin amach ón gCósta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 11 May 2021

Tuesday, 11 May 2021

Questions (279)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

279. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán briseadh síos a dhéanamh ar na deontais nó deiseanna maonaithe atá ar fáil, más ann dóibh, chun daoine le Gaeilge a mhealladh chun cónaí ar oileáin mara agus an caiteachas iomlán caite ar sin gach bliain le cúig bliain anuas. [23812/21]

View answer

Written answers

Níl aon scéim ar leith ag mo Roinn le tacú le daoine athlonnú ar na hoileáin Gaeltachta.

Ní gá a lua go bhfuil réimse leathan de thacaíochtaí ann a chuireann mo Roinn agus Údarás na Gaeltachta ar fáil le tacú le pobail Gaeltachta ar an mórthír agus ar na hoileáin araon. Tá sonraí an réimse scéimeanna agus tacaíochtaí sin ar fáil ar shuíomh an Údaráis ag www.udaras.ie agus ar shuíomh mo Roinne ar www.gov.ie.

Top
Share