Skip to main content
Normal View

Teagasc na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 13 May 2021

Thursday, 13 May 2021

Questions (112)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

112. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais cén beartas atá ag a Roinn chun dul i ngleic leis na laigí ollmhóra i múineadh na Gaeilge i mbunscoileanna agus meánscoileanna aitheanta ag Cigireacht na Roinne. [25099/21]

View answer

Written answers

Tá mo Roinn tiomanta d’eispéireas foghlama Gaeilge na scoláirí a fheabhsú ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal. Tá forbairtí suntasacha déanta ar an soláthar curaclaim ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal le blianta beaga anuas chun dul i ngleic le riachtanais na bhfoghlaimeoirí i suíomhanna difiríula teanga. Áirím ar na forbairtí sin soláthar curaclaim atá idirdhealaithe d’fhonn freastal níos fearr a dhéanamh ar riachtanais scoláirí i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge (T1) agus i scoileanna a fheidhmíonn trí Bhéarla (T2). Tugadh Curaclam Teanga na Bunscoile isteach do gach céim ag an mbunleibhéal in 2019 agus, don chéad uair, tugadh isteach sonraíochtaí idirdhealaithe do Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí in 2017 tar éis comhairliúchán fairsing le geallsealbhóirí. Ag tógáil ar an múnla soláthair sin agus chun dul i ngleic le dúshláin atá aitheanta feadh an chomtanaim, tá próiseas comhairliúchán ar bun ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta faoi láthair ar dhréachtshonraíochtaí T1 agus T2 do Ghaeilge na hArdteistiméireachta (bunaithe). Tá cláir chuimsitheacha curtha ar fáil ag an tSeirbhís um Fhorbair Ghairmiúil do Mhúinteoirí agus ag an tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí chun tacú le múinteoirí sonraíochtaí nua curaclaim a chur i bhfeidhm sna scoileanna. Ina theannta sin, leanann mo Roinn den Pholasaí don Oideachas Gaeltachta a chur i bhfeidhm agus táthar tosaithe ar phleanáil chun polasaí do oideachas lán-Ghaeilge a fhorbairt. Tugadh san áireamh sna forbairtí seo ar fad tátail i dtuairiscí an Phríomhchigire agus tuarascálacha taighde náisiúnta agus idináisiúnta ar fhoghlaim agus ar mhúineadh teanga.

Top
Share