Tá an Rialtas seo tiomanta do mhúineadh na Gaeilge agus d’fhoghlaim na Gaeilge a neartú ag gach leibhéal san earnáil scoile, an tsraith shinsearach san áireamh, agus is mór agam staidéar na Gaeilge mar ghné thábhachtach i gcuraclam leathan cothrom do gach scoláire.
Táim ar an eolas maidir le torthaí an tsuirbhé a rinne An Gréasán, a cuireadh faoi bhráid mo Roinne le déanaí. Tuigim gur chuir oifigigh i mo Roinn an suirbhé ar aghaidh chun na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM), a chuimseoidh torthaí an tsuirbhé mar aighneacht sa phróiseas comhairliúcháin atá ar bun ar na dréachtsonraíochtaí don Ghaeilge. Tá an comhairliúchán le leanúint ar aghaidh go dtí deireadh Lúnasa, agus an fhéidearthacht ann an amlíne a shíneadh. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, áfach, gur dréachtcháipéisí iad na cáipéisí sonraíochta atá foilsithe faoi láthair chun críocha comhairliúcháin. Nuair a dhúnfar an comhairliúchán, cuirfidh an CNCM tús le hanailís ar an aiseolas a taifeadadh agus úsáidfear é seo mar bhonn eolais d’athbhreithniú ar na dréachtcháipéisí sonraíochta agus d’aon chomhairle ón CNCM a chuirfear faoi mo bhráid lena breithniú.
Mar atá leagtha amach sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta, tá breithniú á dhéanamh ag oifigigh na Roinne ar raon beartas chun rannpháirtíocht sa tsonraíocht T1 i scoileanna na Gaeltachta agus i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge a spreagadh. Áirítear leo seo scéim sparánachta tríú leibhéal a thabhairt isteach agus 10% d'áiteanna sna cláir Oideachais Tosaigh do Mhúinteoirí go léir a chur in áirithe do scoláirí a shroicheann nó a sháraíonn tairseach ghráid a shonraítear sa tsonraíocht churaclaim T1.