Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Leathanbhanda

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 1 June 2021

Tuesday, 1 June 2021

Questions (72)

Pearse Doherty

Question:

72. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide cad é an t-amlíne chun seirbhís leathanbhanda a chur ar fáil faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda do Choláiste Oideas Gael i nGleann Cholm Cille, Contae Dhún na nGall; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29514/21]

View answer

Written answers

Tagraíonn an Cheist d'áitreabh atá lonnaithe i gceantar ÓMRA (AMBER) ar Léarscáil Leathanbhanda Ardluais an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda atá ar fáil ar shuíomh gréasáin mo Roinne www.broadband.gov.ie. Is ionann limistéar ÓMRA agus an limistéar a bheidh an líonra a bheidh le husáid faoin idirghabháil faoi stiúir Phlean Náisiúnta leathanbhanda an Stáit ag freastal air.

Tuigim frustrachas na ndaoine atá ina gcónaí an-ghar do líonra snáithín ach nach féidir leo nasc a fháil leis an líonra sin, go háirithe agus  tábhacht mhéadaithe na nascachta le linn phaindéim Covid-19. Cinnteoidh an Plean Náisiúnta Leathanbhanda i ngach cás den sórt sin go dtógfar líonra leathanbhanda ardluais don todhchaí amach anseo chun freastal ar na háitribh seo, is cuma cé chomh cianda is atá an suíomh, agus tá obair ar bun chun é seo a chur ar fáil.

Tá 102,833 áitreabh i gContae Dhún na nGall as a bhfuil 32,483 áitreabh lonnaithe i gceantar Ómra agus freastalóidh an líonra nua leathanbhanda ardluais a chuirfear ar fáil faoin bPlean orthu. Moltar dom go ndearna Leathanbhanda Náisiúnta Éireann (NBI) suirbhéireacht ar thart ar 6,389 áitreabh i gceantair Bhaile na nGallóglach, Leitir Ceanainn, Ráth Mealtain, An Tearmainn, Bhaile Mhic Comhghaill, Chill Mhic Réanáin, Mhullach Fhinne agus Tommyscroft. Tá tús le cur le hoibreacha tógála i Leitir Ceanainn agus sa Chraoslach an bhliain seo chugainn. Freastalóidh an idirghabháil faoi stiúir Phlean Náisiúnta leathanbhanda an Stáit ar an áitreabh dá dtagraítear, ach ní féidir fráma ama cinntitheach a chur ar fáil le haghaidh nasc go fóill.

Tá tuilleadh sonraí ar fáil ar cheantair ar leith laistigh de Chontae Dhún na nGall trí shuíomh gréasáin an Phlean Náisiunta Leathanbhanda, www.nbi.ie, a chuireann áis ar fáil d'aon áitreabh laistigh den cheantar idirghabhála chun a spéis i nuashonruithe imlonnaithe a chlárú. Gheobhaidh daoine aonair a chláraíonn leis an áis seo nuashonruithe rialta ar dhul chun cinn an Phlean maidir le líonra a chur ar fáil agus nuashonruithe a bhaineann lena n-áitreabh féin de réir mar a thosaíonn oibreacha.

Tá Pointí Nasctha Leathanbhanda ina ngné lárnach den Phlean Náisiúnta Leathanbhanda a sholáthraíonn leathanbhanda ardluais i ngach contae roimh fheidhmiú céimneach an tsnáithín chuig an líonra baile. Ón 27 Bealtaine, tá 317 láithreán Phointí Nasctha Leathanbhanda nascaithe ag an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda. Tá roinnt Pointí Nasctha Leathanbhanda nasctha i nDún na nGall, lena n-áirítear ag Stáisiún Raonaithe Shliabh Liag, atá suite 10 gciliméadar ón áitreabh dá dtagraítear.

The Question refers to a premises located in the AMBER area on the National Broadband Plan (NBP) High Speed Broadband Map which is available on my Department's website www.broadband.gov.ie. The AMBER area represents the area to be served by the network to be deployed under the NBP State led intervention.

I appreciate people's frustration when they are living so close to a fibre network but cannot get a connection to that network, particularly given the heightened importance of connectivity during the Covid-19 pandemic. The NBP will ensure that in all such cases a future proofed high speed broadband network will be built to serve these premises, no matter how remote the location, and work to deliver this is underway.

There are 102,833 premises in County Donegal of which 32,483 premises are located in the Amber area and will be served by the new high speed broadband network delivered under the NBP. I am advised that some 6,389 premises have been surveyed by NBI in the areas of Milford, Letterkenny, Ramelton, Termon, Ballymacool, Kilmacrennan, Mullaghfin and Tommyscroft. Build works are due to commence in Letterkenny and Creeslough next year. The premises referred to will be served by the NBP State led intervention but it is not possible to provide a definitive timeframe for connection as yet.

Further details are available on specific areas within County Donegal through the NBI website, www.nbi.ie, which provides a facility for any premises within the intervention area to register their interest in being provided with deployment updates. Individuals who register with this facility will receive regular updates on progress by NBI on delivering the network and specific updates related to their own premises as works commence.

Broadband Connection Points (BCPs) are a key element of the NBP providing high speed broadband in every county in advance of the roll out of the fibre to the home network. As of 27 May, 317 BCP sites have been installed by NBI. A number of  BCP’s are connected in Donegal including at Sliabh Liag Ranger Station, which is located 10 kilometres from the premises referred to.

Questions Nos. 73 to 77, inclusive, answered orally.
Top
Share