Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Iompair

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 2 June 2021

Wednesday, 2 June 2021

Questions (105)

Pearse Doherty

Question:

105. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil plean ag a Roinn chun cúiteamh a chur ar fáil do chuideachtaí bus sa Ghaeltacht atá ag fulaingt mar gheall ar an gcinneadh na coláistí Gaeltachta a chur ar ceal i mbliana; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [30084/21]

View answer

Written answers

Níl aon scéim ag mo Roinn chun cúiteamh a thabhairt do chuideachtaí iompair a chaill amach ar ioncam de bharr na coláistí samhraidh sa Ghaeltacht a bheith curtha ar ceal i mbliana da bharr COVID-19. Níor mhiste do chuideachtaí, dá réir, mura bhfuil déanta cheana féin, leas a bhaint as an raon tacaíochtaí ábhartha atá á gcur ar fáil ar bhonn lárnach ag an Stát a chuimsíonn tacaíochta sa réimse fostaíochta.

Mar a bhaineann sé leis na ceantair Ghaeltachta, is féidir le hÚdarás na Gaeltachta raon dreasachtaí agus tacaíochtaí a thairiscint do ghnólachtaí agus do chuideachtaí incháilithe i réimse earnálacha sna ceantair Ghaeltachta.

Tá Údarás na Gaeltachta ag dul i ngleic leis na dúshláin reatha agus ag obair as lámh a chéile le Ranna Rialtais agus Gníomhaireachtaí ábhartha eile i rith an ama chun a chinntiú go mbainfidh a chliant comhlachtaí leas as an raon tacaíochtaí atá ar fáil ón Stát.  Sa chomhthéacs sin, is fiú dom a threisiú go bhfuil teagmháil leanúnach ar bun idir oifigigh mo Roinne agus Údarás na Gaeltachta chun a chinntiú go bhfuil na tacaíochtaí  sin ag feidhmiú mar is cuí agus chun brúphointí airgeadais a mhaolú.

Tá Údarás na Gaeltacha ag obair go dlúth le Fiontraíocht Éireann chomh maith le cinntiú go bhfuil scéimeanna tacaíochta an fhorais stáit sin ar fáil do ghnólachtaí Gaeltachta go díreach tríd an Údarás. Tá deontais agus dearbháin éagsúla ar fáil chun tacú le pleanáil airgeadais, leanúnachas gnó agus trádáil ar line, mar aon leis na cistí maoinithe agus tacaíochtaí eile atá curtha ar fáil ag an Rialtas, cosúil leis an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta.

Chomh maith leis sin, is féidir le gnólachtaí beaga ar fud na Gaeltachta iarratas a dhéanamh ar an Deontas Atosaithe faoina bhfuil maoiniú breise curtha ar fáil ag an Rialtas tríd na hÚdaráis Áitiúla. Cuidíonn an tacaíocht deontais go díreach do ghnólachtaí beaga leis na costais a bhaineann le hathoscailt agus le hathfhostú tar éis a bheith dúnta de bharr COVID-19. Is féidir an deontas seo a úsáid le costais sheasta a ghlanadh, m.sh. fóntais, árachas nó athstocáil agus le bearta sábháilteachta foirne agus custaiméirí a chur i bhfeidhm. Is féidir iarratas a dhéanamh ar an Deontas Atosaithe ar líne go díreach tríd na húdaráis áitiúla. 

Top
Share