Skip to main content
Normal View

Earcaíocht san Earnáil Phoiblí

Dáil Éireann Debate, Thursday - 3 June 2021

Thursday, 3 June 2021

Questions (253, 254)

Éamon Ó Cuív

Question:

253. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe cé mhéid duine a bhí cáilithe agus a cuireadh ar an bpainéal Oifigeach Feidhmmeannach sa státseirbhís (Comórtas 2019) a bhí cáilithe oibriú i nGaeilge; an lion acu siúd a tairrgíodh post sa státshéirbhís dóibh go dáta; an dáta faoin a dtiocfaidh deireadh leis an bpainéal áirithe seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [30376/21]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

254. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an líon Oifigeach Feidhmiúcháin a bheadh cáilithe le n-oibriú trí Ghaeilge a fostaíodh sa státsheirbhís le bliain anuas; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [30377/21]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 253 agus 254 le chéile.

Mar is eol don teachta, is í an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS) an t-earcaitheoir neamhspleách i gcomhair ceapachán sa Státseirbhís. Tá gach earcaíocht faoi stiúir éilimh agus téann PAS i mbun comórtas thar ceann na Státseirbhíse chun painéil a bhunú ar féidir tarraingt orthu de réir mar a thagann folúntais aníos i Ranna nó Oifigí Rialtais. 

Chuir PAS in iúl dom gur éirigh le 88 iarrthóir áit a fháil ar an bpainéal i gcomórtas 2019 Gaeilge EO. Go dtí seo, sannadh 32 iarrthóir. 

Níltear ag dúil go ndéanfar ceapacháin ón gcomórtas seo i ndiaidh Mheán Fómhair 2021.

Question No. 254 answered with Question No. 253.
Top
Share