Skip to main content
Normal View

Caiteachas Ranna

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 15 June 2021

Tuesday, 15 June 2021

Questions (492)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

492. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an raibh an caiteachas breise €3.5 milliún a fógraíodh do TG4 i mBuiséad 2021 ina chaiteachas aon uaire chun dul i ngleic le teagmhais i leith Covid-19, agus ar chuige sin amháin é, nó an bhfuil an leithdháileadh sin neamhspleách ar mhaoiniú a bhaineann go sonrach le Covid-19 agus an bhfuil sé le tuiscint mar ghné nua de bhun-leithdháileadh maoiniúcháin bonnlíne na Roinne ar TG4. [31050/21]

View answer

Written answers

Tugann an méadú de €3.5m (maoiniú caipitil de €1m agus maoiniú reatha de €2.5m), a fuair mé i mBuiséad 2021, maoiniú an státchiste do TG4 i 2021 go dtí €40.733m, comhdhéanta de €36.733m i gcaiteachas reatha agus €4m i gcaiteachas caipitil. Is méadú é seo ar leithligh ón íocaíocht aon uaire de €1.9m a fuair mé i 2020 chun críche shainchostais TG4 a bhain le Covid-19 a chlúdach.

Top
Share