Skip to main content
Normal View

Earcaíocht san Earnáil Phoiblí

Dáil Éireann Debate, Thursday - 17 June 2021

Thursday, 17 June 2021

Questions (104)

Éamon Ó Cuív

Question:

104. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an bhfuil sé i gceist aige dlús a chur le hearcú tuilleadh státseirbhíseach chuig an státseirbhís, a bhfuil cumas acu oibriú tríd an dá theanga oifigiúil, á chur forálacha an Bhille leasaithe Teangacha Oifigiúla atá faoi bhráid an Oireachtais faoi láthair san áireamh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [31515/21]

View answer

Oral answers (6 contributions)

Mar is eol don Aire Stáit, tá Bille ag dul trí na Dála i láthair na huaire agus beidh, faoin mBille sin, dualgas ar an tseirbhís phoiblí 20% a earcú a mbeidh Gaeilge agus, glacaimid leis, Béarla acu. Faoi láthair, tá painéal ann agus is beag duine atá tógtha ón bpainél do dhaoine, ní hamháin a bhfuil cumas sa Ghaeilge acu, ach cumas sa Bhéarla. Ba mhaith liom a fháil amach céard atá i gceist ag an Aire Stáit a dhéanamh faoin gceist seo.

Is é an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, PAS, an t-earcaitheoir neamhspleách i gcomhair cheapacháin na státseirbhíse. Tá an earcaíocht ar fad faoi stiúir an éilimh agus téann PAS i gceann comórtas thar ceann na státseirbhíse chun painéil a chur ar bun ónar féidir tarraingt de réir mar a thagann folúntais aníos i Ranna nó oifigí Rialtais. Féadann iarratasóirí a bhfuil Gaeilge acu iarratais ar róil ghinearálta sa státseirbhís a chur chuig PAS trí chomórtais shainiúla dhátheangacha nó, de rogha air sin, féadann siad iarratais a chur isteach ar chomórtais neamh-dhátheangacha agus a léiriú spéise i bpoist Ghaeilge nó dhátheangacha a shainiú. D'fhéadfaí sainchomórtais ar leith a eagrú ó am go chéile maidir le róil níos teicniúla inar gá líofacht sa Ghaeilge amhail aistritheoirí dlí, tuairisceoirí parlaiminteacha agus cigirí scoile.

Cuireann oifigigh chléireachais agus oifigigh feidhmiúcháin croísheirbhísí ar fáil don phobal i Ranna agus oifigí Rialtais ar fud na tíre. Is in 2019 go deireanach a eagraíodh comórtas oifigeach cléireachais, OC, Gaeilge agus is le déanaí a chuaigh an painéal sin in éag. Tá PAS chun comórtas nua Gaeilge OC a sheoladh an mhí seo. San idirlinn, tá d'acmhainn ag PAS an t-éileamh ar róil Ghaeilge ag leibhéal OC a riar ón bpainéal náisiúnta neamh-dhátheangach OC 2020 ach na hiarratasóirí sin a léirigh go raibh cumas Gaeilge acu ag an gcéim iarratais a shannadh.

Eagraíodh comórtas oifigeach feidhmiúcháin, OF, Gaeilge in 2020 agus tá painéal ann go fóill i gcomhair sannadh ón gcomórtas seo go dtí Meán Fómhair 2021 nó go dtí go mbunófar painéal nua. Tuigtear dom go dtosóidh PAS ar phleanáil i gcomhair comórtas nua OF Gaeilge ag tarraingt ar dheireadh an tsamhraidh.

Tá an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí sásta gur leor na painéil Ghaeilge atá i bhfeidhm faoi láthair, le cois na gcomórtas atá beartaithe roimh i bhfad, chun riar ar an éileamh reatha ó Ranna agus Oifigí Rialtais ar bhaill foirne dhátheangacha a bheadh páirteach i seachadadh seirbhísí don phobal.

Mar is eol don Teachta, moltar i mBille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019, atá ag Céim an Coiste faoi láthair os comhair Thithe an Oireachtais, sprioc uaillmhianach go mbeadh líofacht Ghaeilge ag 20% de gach duine nuacheaptha sa státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí faoi 2030 ar aon dul le tiomantais sa Chlár Rialtais.

Cé mhéad duine ar roghnaíodh iad don phainéal Gaeilge, mar a thugann an tAire Stáit air, agus cé mhéad duine atá fostaithe cheana féin ón bpainéal sin? Cén fáth nár fostaíodh tuilleadh?

An nglacfadh an tAire Stáit leis go bhfuil sé cineál seafóideach painéal Gaeilge amháin a bheith ann nuair atá Béarla den scoth ag gach uile duine a bhfuil Gaeilge acu freisin?

An aontaíonn an tAire Stáit liom, gur cheart go mbeadh duine ar bith atá ar an bpainéal Gaeilge go huathoibríoch ar an bpainéal dátheangach ag an am céanna, ó tharla gur ar éigean a bhfuil aon duine ag cur isteach ar an státseirbhís a bhfuil Gaeilge acu nach bhfuil Béarla den scoth acu freisin?

Tá an-deacracht againn.

Tá an-deacracht ag an Státseirbhís daoine dátheangacha a earcú. Mar shampla, bhí comórtas ann do dhaoine a raibh Béarla acu gur spéis leo a bheith ina n-oifigigh chléireachais agus sainchomórtas eile do dhaoine dátheangacha a raibh líofacht acu sa Ghaeilge. Bhí 60 uair níos mó iarratasóirí don chéad chomórtas. I leith comórtas i gcomhair oifigigh fheidhmiúcháin, bhí 100 uair níos mó iarratasóirí don chomórtas Béarla. Léiríonn sé sin go bhfuil fadhb oideachais ann agus gur fadhb níos leithne ná fadhb earcaíochta é.

B'fhéidir nach é sin an fhadhb ar chor ar bith. B'fhéidir gurb é an fhadhb atá ann ná go bhfuiltear ag srianú daoine trí iad a chur ar an bpainéal Gaeilge amháin. Níl daoine ar an bpainéal sin in ann fostaíocht a fháil sa tseirbhís phoiblí ach i bpoist atá bainteach leis an nGaeilge. Má tá Gaeilge agus Béarla ag daoine, a oiread liom féin, oibríonn siad trí Bhéarla nó trí Ghaeilge de réir mar a oireann. Cad chuige a shrianfadh daoine iad féin go poist ina gcuirtear i mbosca beag na Gaeilge iad nuair a bheadh an Státseirbhís oscailte do dhaoine dátheangacha má théann siad ar an bpainéal Béarla, mar a thug an tAire Stáit air? An ndearna aon scrúdú air sin? An ceann de na fáthanna é nach bhfuil daoine ag cur isteach ar an bpainéal sin toisc go srianann sé sin a dtodhchaí sa tseirbhís phoiblí le hais cur isteach ar an bpainéal eile, mar a bhíodh sé fadó? An bhfuil an tAire Stáit ag rá liomsa nach bhfuil cumas Béarla ag na daoine atá ar an bpainéal Gaeilge? Cén fáth nach mbeidh siadsan in ann a bheith earcaithe sa Státseirbhís ginearálta go huathoibríoch, ag glacadh leis go bhfuil Béarla agus Gaeilge acu? Níl aon uireasa ag na Gaeilgeoirí. Tá an uireasa ar na Béarlóirí.

Tá an ceart ag an Teachta go bhfuil gá leis an gcóras seo a athrú. Is é sin an fáth go bhfuil Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 ag teacht, chun fadhbanna mar seo a réiteach. Tá orainn níos mó daoine atá dátheangach a earcú. Tá orainn freisin oideachas a chur ar fáil do dhaoine atá fostaithe roimhe chun a gcuid Gaeilge a fheabhsú. I mo Roinn féin, tá seirbhís mhór oideachais ann chun an sprioc seo a bhaint amach. Tá iarracht á déanamh agam chun feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge freisin.

Top
Share