Skip to main content
Normal View

Cúrsaí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 22 June 2021

Tuesday, 22 June 2021

Questions (57)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

57. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán uasdátú a thabhairt faoin ról atá aici nó ag an Aire Stáit chun a chinntiú go gcomhlíonfar na spriocanna maidir le stádas agus cur chun cinn na Gaeilge sna Sé Chontae, mar a aontaíodh sa chomhaontú, Deich mBliana Nua, Cur Chuige Nua, agus faoin obair atá déanta acu beirt le déanaí chun na spriocanna sin a chur i gcrích. [33235/21]

View answer

Oral answers (7 contributions)

Tá ceist agam don Aire agus don Aire Stáit. Tá an bheirt acu anseo. An dtabharfaidh siad uasdátú dúinn ar an ról nó ar na cumhachtaí atá acu chun spriocanna maidir le stádas na Gaeilge sna Sé Chontae a bhaint amach agus ar an gcur chun cinn is gá teacht ar an scéal? Nílim ag caint faoin reachtaíocht amháin ach faoin gcomhaontú New Decade, New Approach a chomhlíonadh ina iomláine.

Tá an Rialtas seo tiomanta do chur i bhfeidhm na ngeallltanas a rinneamar maidir le New Decade, New Approach, tionscadail a rachaidh chun leasa an phobail ar fud an oileáin. Gan dabht, tá an phaindéim tar éis mórán dár gcuid ama a thógáil le 15 mhí anuas. I mí Eanáir, áfach, reáchtáladh an chéad chruinniú maidir le hathbhreithniú ar chur i bhfeidhm an chomhaontaithe. Cruinniú fíorúil a bhí ann agus bhí an tAire Gnóthaí Eachtracha, an Státrúnaí, an Chéad Aire agus an leas-Chéad Aire, agus ceannairí páirtithe Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann i láthair ag an gcruinniú. Gheall na páirtithe go léir ag an gcruinniú a dtiomantas leanúnach maidir le cur i bhfeidhm an chomhaontaithe.

Maidir le teanga agus cultúr, tá soláthar sa chomhaontú maidir le reachtaíocht don Ghaeilge, ag tabhairt aitheantais don ilghnéitheacht cultúir agus féiniúlachta i dTuaisceart na hÉireann. Mar chuid den tiomantas ar chur i bhfeidhm iomlán an chomhaontaithe, tá an Rialtas ag súil go mbeifear in ann an reachtaíocht seo a thabhairt isteach chomh luath in Éirinn agus is féidir. Tá oifigigh mo Roinne ag comhoibriú go leanúnach le páirtithe leasmhara mar a bhaineann sé le spriocanna an Rialtais ó thaobh na teanga de sa Tuaisceart a bhaint amach, go háirithe ag leibhéal an phobail.

Maidir le forbairt na Gaeilge i measc an phobail sa Tuaisceart, beidh infheistíocht de €400,000 sa bhliain ó 2021 go 2023 á déanamh ag mo Roinn. Beidh €250,000 á chur ar fáil don chiste infheistíocht Gaeilge sa Tuaisceart le margaíocht a dhéanamh ar ionaid de chuid an chiste agus leis na hionaid a neartú agus a bhuanú mar ionaid phobail. Beidh €50,000 le hinfheistiú i bhfeachtas feasachta teanga, leis an nGaeilge a bheith níos feiceálaí i measc an phobail agus €100,000 le líonraí Gaeilge nó Gaeltachta a fhorbairt, comhionann leis na líonraí Gaeilge sa Deisceart.

I réimse na craoltóireachta, ar feadh na trí bliana atá romhainn, beidh soláthar de €1.2 milliún sa bhliain á chur ar fáil le tacú le craoltóireacht na Gaeilge i dTuaisceart na hÉireann. Chuige sin, tá comhaontú dár luach €1 milliún aontaithe le Northern Ireland Screen le hábhar trí mheán na Gaeilge a sholáthar. Cuirfear soláthar 17 uair a chloig breise d’ábhar trí mheán na Gaeilge ar fáil faoin socrú seo.

Chomh maith leis sin, beidh €100,000 sa bhliain á chur ar fáil do TG4 agus RTÉ leis an nGaeilge a fhorbairt i réimse na craoltóireachta i dTuaisceart na hÉireann. Beifear ag súil an t-airgead seo a dháileadh sa tríú cheathrú den bhliain.

Tá gach duine sásta go bhfuilimid ag bogadh ar aghaidh ó thaobh an Fheidhmeannais ó Thuaidh agus nach bhfuil an bhagairt chéanna ann a bhí ann an tseachtain seo caite agus mé ag scríobh na ceiste seo. Glacaim an deis tréaslú leo siúd a bhí ag lorg cearta teanga sna Sé Chontae thar na blianta. Gealladh dóibh breis is 15 bliana ó shin go mbeadh Acht le rith agus tá sé ann anois de thairbhe gur sheasaimid an fód le cinntiú go gcomhlíonfar an gealltanas a tugadh sa chomhaontú New Decade, New Approach agus go mbeadh amchlár againn. Is é an príomhrud anois ná go mbeidh reachtaíocht ann a bhfuil téagar taobh thiar de, agus go mbeidh cearta gafa léi agus nach bréagchráifeacht a bheadh i gceist le reachtaíocht nach dtugadh cearta do Ghaeilgeoirí sna Sé Chontae. Tá ceist agam ar an Aire Stáit faoi na céimeanna eile atá le glacadh anois. An bhfuil sé i gceist aige labhairt le ceannaire nua an DUP go luath nuair a bheidh sé roghnaithe, measaim Jeffrey Donaldson, le cinntiú nach mbeidh sé nó na hAirí eile ag fanacht siar ó na cruinnithe tras-Teorann?

Tá an cheist seo pléite go rímhinic leis an údarás cuí. Tá an Roinn seo ag iarraidh go ndéanfar dul chun cinn leis an reachtaíocht seo, mar a dúirt mé. Leanfar leis an gceist seo a ardú leis an údarás ó Thuaidh go dtí go mbeidh toradh sásúil ar an scéal. Feictear domsa go bhfuil cothrom na Féinne tuillte ag pobal labhartha na Gaeilge ó Thuaidh. Ba cheart an reachtaíocht seo a bheith tugtha chun cinn agus, faoi mar ata ráite agam cheana, táim sásta an méid agus is féidir liom a dhéanamh ar mhaithe le tacú agus comhlíonadh an ghealltanais a rinneadh ina leith. Tá an Rialtas ag súil go mbeifear in ann an reachtaíocht don Ghaeilge a thabhairt isteach chomh luath in Éirinn agus is féidir. Déanfar an cheist a thomhas go dtí go mbeidh toradh ar an scéal atá sásúil agus a thagann leis an ngealltanas a bhí déanta ina leith. Tá tagairt déanta ag an Teachta do cheannaireacht an DUP. Níl sé i gceist agam aon ráiteas a dhéanamh maidir leis an méid a thit amach le cúpla lá anuas. Is ceist í sin do cheannaireacht an pháirtí. Níl le rá agam ag an am seo ach go mbeidh mé ag comhoibriú leis na páirtithe go léir san Fheidhmeannas lenár spriocanna roinnte a bhaint amach.

Níor lorg mé aon fhreagra mar gheall ar an gceannaire nua ach d'fhiafraigh mé an bhfuil sé i gceist ag an Aire Stáit cruinniú a lorg leis an gceannaire nua nó leis an gCéad Aire nua, nuair a bheidh a leithéid roghnaithe, chun a dhéanamh cinnte de nach mbeidh an DUP ag déanamh baghcat ar chruinnithe Thuaidh-Theas uile-Éireann idir Airí, mar a bhí siad á dhéanamh go dtí seo, agus nach mbeidh siad ag cur bac, srian nó moill ar chinntí maidir leis an teanga, le Foras na Gaeilge agus a leithéid, agus ag cur moille dá réir ar na cearta atá ag dul do Ghaeilgeoirí ar an oileán seo.

Tá cearta an-tábhachtach ar an oileán seo. Táim an-sásta an comhar agus an comhoibriú an-tábhachtach idir an Rialtas seo agus an Rialtas ó Thuaidh a leanúint freisin. Tá an Rialtas seo ag teagmháil leis na páirtithe ó Thuaidh an t-am ar fad. Beidh go leor cruinnithe eatarthu agus an reachtaíocht seo á chur i bhfeidhm.

As I do not see Deputy Duncan Smith here to take Question No. 58, I will take Question No. 59, in the name of Deputy Ó Snodaigh, and return to Deputy Smith when he arrives.

Top
Share