Skip to main content
Normal View

Scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 22 June 2021

Tuesday, 22 June 2021

Questions (84)

Mairéad Farrell

Question:

84. D'fhiafraigh Deputy Mairéad Farrell den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén dul chun cinn atá déanta ar fhorbairt Choláiste Lurgan. [33302/21]

View answer

Written answers

Ar mhaithe le cur tuilleadh le forbairt cheantar Chois Fharraige – ar leas na Gaeilge agus gheilleagar an cheantair trí chéile - tá forbairt Ionaid Oideachais agus Óige in Indreabhán ar cheann de na tosaíochtaí straitéiseacha atá ag mo Roinn, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta.   Séard atá beartaithe a dhéanamh ná áis nua-aimseartha, ilfheidhmeach a thógáil in áit an foirgneamh ina bhfuil Coláiste Lurgan Teo., ag feidhmiú faoi láthair atá in úinéireacht an Údaráis.

Déanfar seo sa chaoi is go mbeadh an foirgneamh nua in ann freastal níos fearr a dhéanamh ar riachtanais an choláiste samhraidh é féin chomh maith le bheith ar fáil lasmuigh den samhradh mar áis oideachais, óige agus phobail, ar leas foriomlán an phobail.

Chun go mbeifear in ann an fhorbairt seo a bhrú chun cinn, beidh gá don Údarás talamh a cheannach ar an dá thaobh den fhoirgneamh atá faoi láthair i seilbh Coláiste Lurgan Teo. Tá plé ar bun, dá réir, le Coláiste Lurgan Teo. le tamall, faoi seo uile. 

Ós rud é go mbeadh infheistíocht shuntasach airgead poiblí i gceist, is gá a chinntiú go ndéantar gach rud faoi réir na rialachán agus na dtreoirlínte ábhartha a bhaineann le caiteachas poiblí. Aithnítear dá réir, go mbeadh gá le comhaontú ceangaltach a bheith comhaontaithe ann idir Údarás na Gaeltachta agus Coláiste Lurgan Teo., a chuimseoidh gach ghné den scéal.

Ar mhaithe le tuilleadh éascaíochta a dhéanamh ar rudaí i dtreo a bheith in ann na chéad chéimeanna eile maidir leis an togra a ghlacadh gan tuilleadh moille, cuireadh in iúl do Choláiste Lurgan Teo ar 14 Bealtaine 2021 go n-íocfadh an stát seachas an coláiste as an trealamh sainiúil stáitse agus fuaime a bheadh ag teastáil uathu.

Ar mhaithe le tuiscint níos fearr a chothú i measc phobal na háite faoina bhfuil ar bun agus beartaithe ag an Údarás faoin togra go ginearálta, beidh sraith cruinnithe á n-eagrú go luath le heagraíochtaí ábhartha sa cheantar.  Eagraíodh a leithéid de chruinniú eolais le gairid le hionadaíocht mhná tí an choláiste.

Ní gá dom a rá go leanfar leis na hiarrachtaí ar fad atá idir lámha ag an Údarás agus ag an Roinn chun an togra seo a bhrú chun cinn go rathúil oiread is féidir.

Question No. 85 answered with Question No. 68.
Top
Share