Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 29 June 2021

Tuesday, 29 June 2021

Questions (181)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

181. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an dtabharfaidh sí miondealú ar cé hiad atá ceaptha chun dáileadh a dhéanamh ar an €7,650,000 faoin bhfotheideal C.4, Scéimeanna Tacaíochta don Ghaeilge, atá sonraithe sna Meastacháin Athbhreithnithe de chuid Vóta 33, agus ar cé hiad a gheobhaidh an t-airgead sin, agus an dtabharfaidh sí míniú ar an idirdhealú atá idir an maoiniú sin agus an tacaíocht a thugann Foras na Gaeilge do phobal labhartha na Gaeilge. [34588/21]

View answer

Written answers

Maidir leis na Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge atá á riar ag mo Roinn agus an soláthair de €7,650,000 atá curtha ar fáil faoin scéim i mbliana, tá cúnamh caipitil agus reatha ar fáil do réimse leathan tionscnamh Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus thar lear, d'eagraíochtaí atá gníomhach sna réimsí gnó, oideachais, cultúrtha, teicneolaíochta agus digitithe go príomhá.

Áirítear chomh maith institiúidí idirnáisiúnta agus cláir Fulbright agus ICUF ar mhaithe le teagasc na Gaeilge agus dea-thoil i leith na Gaeilge agus an chultúir Ghaelach a spreagadh agus a chothú trasna na hEorpa, sna Stáit Aontaithe Mheiriceá, i gCeanada agus níos faide ó bhaile. Faoi láthair, tá maoiniú á dhéanamh ar chúrsaí in os cionn 40 institiúidí tríú leibhéal thar lear faoi na cláir seo.

Maoinítear chomh maith an Tionscnamh Ard-Scileanna Gaeilge, a thacaíonn le stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre den Aontas Eorpach. Áiríonn na tionscnaimh sin, mar shampla, forbairt bhunachar sonraí téarmaíochta an AE i nGaeilge atá á dhéanamh ag Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath chomh maithe le scéim intéirneachta i réimse an aistriúchain sna hinstitiúdí Eorpach.

Ó thaobh cúnamh caipitil de, is féidir le heagraíochtaí phobalbhunaithe, a fheidhmíonn trí Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, iarratas a dhéanamh faoi Scéimeanna Tacaíochtaí Gaeilge na Roinne. Cuirtear maoiniú ar fáil chun cabhrú leis na costais a bhaineann le hionaid Ghaeilge a thógáil nó a athchóiriú, chun foirgnimh a cheannach le húsáid mar ionad Gaeilge agus trealamh a cheannach dá leithéid d’ionaid.

Is é an cuspóir atá leis an chuidiú caipitil a chuirtear ar fáil faoin gciste seo an Ghaeilge a threisiú mar theanga pobail agus teaghlaigh i gcomhréir le haidhmeanna na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

Cuirtear maoiniú ar fáil d’Fhoras na Gaeilge ó mo Roinn fhéin agus ón Roinn Pobal i dTuaisceart Éireann de réir bhuiséid atá ceadaithe ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT). Cuirtear maoiniú breise ar fáil d'Fhoras na Gaeilge chomh maith i ndáil le nithe imfhálaithe mar a bhaineann le Clár na Leabhar Gaeilge agus Colmcille.

Maidir leis an idirdhealú atá idir an maoiniú thuasluaite agus an tacaíocht a thugann Foras na Gaeilge do phobal labhartha na Gaeilge, is ar bhonn uile-Éireann a bíonn Foras na Gaeilge ag feidhmiú le hais mo Roinne, a fheidhmíonn i ndlínse an deiscirt amháin.

DOC

Top
Share