Skip to main content
Normal View

Coimisiún Logainmneacha

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 29 June 2021

Tuesday, 29 June 2021

Questions (184)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

184. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén méid san iomlán de mhaoiniú stáit a tugadh don Choimisiún Logainmneacha gach bliain ó bunaíodh é go dtí gur cuireadh deireadh leis. [34595/21]

View answer

Written answers

Ag eascairt as moltaí Phlean an Rialtais um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí, cuireadh deireadh leis an gCoimisiún Logainmneacha sa bhliain 2012, tráth gur ceapadh Coiste Logainmneacha in áit. Ó bunaíodh mo Roinn i lár 2020, dá réir, níor rinneadh aon chaiteachas i leith an Choimisiúin Logainmneacha

Bhíodh baill an Choimisiúin i dteideal costais taistil agus cothabhála, agus íocadh táille chuig na baill, de réir na rátaí a bhí ceadaithe ag an am.

Feidhmíonn an Coiste Logainmneacha ar bhonn pro bono, ach tá na baill i teideal costais taistil agus cothabhála a éileamh de réir na gnáthrátaí atá ceadaithe ag an Rialtas.

Oibríonn an Coiste Logainmneacha i gcomhar le Brainse Logainmneacha de chuid mo Roinne. Is foireann de chuid mo Roinne iad foireann an Bhrainse agus áirítear a gcostas siúd mar chuid d’ollchostais foirne na Roinne.

Íocann mo Roinn maoiniú chomh maith le Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Bhaile Átha Cliath, chun cothabháil agus forbairt a dhéanamh ar Bhunachar Logainmneacha na hÉireann, www.logainm.ie i gcomhar leis an mBrainse Logainmneacha. Íocadh maoiniú €203,996 sa bhliain 2020 i leith logainm.ie.

Top
Share