Skip to main content
Normal View

Oideachas Tríú Leibhéal

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 29 June 2021

Tuesday, 29 June 2021

Questions (407)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

407. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta cé na fo-theidil faoina bhfuil an €900,000 atá sonraithe don bhliain 2020-2021 sna Meastacháin Athbhreithnithe agus atá comhaontaithe aige mar mhaoiniú d’Acadamh na hOllscoile Gaeilge. [34594/21]

View answer

Written answers

Leithdháileann mo Roinn maoiniú athfhillteach ar an Údarás Ardoideachais (ÚAO) le haghaidh eisíocaíocht dhíreach chuig institiúidí ardoideachais ainmnithe an ÚAO. Leithdháileann an ÚAO an maoiniú sin ar na hinstitiúidí tríd an tsamhail mhaoinithe athfhillteach.

Cheadaigh an ÚAO leithdháileadh de €1,766,000 le cur in áirithe do OÉ Gaillimh (ó leithdháileadh athfhillteach B4) d’Acadamh na hOllscólaíochta Gaeilge le roinnt blianta anuas.

Ina theannta sin, in 2018 gheall an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán anois) €900,000 a sholáthar in aghaidh na bliana acadúla 2018/19, 2019/20 agus 2020/21 d'Acadamh na hOllscolaíochta.

Aistrítear an maoiniú sin ina thráthchodanna ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán chuig an ÚAO le híocaíocht a chur ar aghaidh chuig OÉ Gaillimh.

Ba chóir aon cheisteanna breise maidir leis an €900,000 a chur ar an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán ar an gcéad dul síos lena bhfreagairt.

Top
Share