Skip to main content
Normal View

Covid-19 Paindéim

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 29 June 2021

Tuesday, 29 June 2021

Questions (524)

Éamon Ó Cuív

Question:

524. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Sláinte an gcuirfear vaicsín malairteach seachas vaicsin (sonraí tugtha) ar fáil do dhaoine idir 60 agus 70 bliain d’aois mar tá stair slainte acu de fadhbanna croí agus téachtán fola; má chuirfear, an bealach is ceart do dhuine mar sin iarratas a dhéanamh ar mhalairt vaicsín; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [27254/21]

View answer

Written answers

Tá an clár imdhíonta in Éirinn bunaithe ar chomhairle NIAC. Tá moltaí NIAC bunaithe ar leitheadúlacht an ghalair ábhartha agus ar na dea-chleachtais idirnáisiúnta is fear maidir le himdhíonadh. Déanann NIAC moltaí ar pholasaithe maidir le vacsaíniú chuig mo Roinn. Déanann NIAC athbhreithniú ar an bhfaisnéis go léir maidir le vacsaíní ar bhonn leanúnach.

Tugann NIAC comhairle maidir lena n-úsáid in Éirinn sa doiciméad Treoirlínte Imdhíontaí d’Éirinn.

Is féidir leat na treoirlínte a léamh ag: www.hse.ie/eng/health/immunisation/hcpinfo/guidelines/covid19.pdf.

Cé gur féidir le duine diúltú d’ofráil vacsaíne de bharr a gcuid creidimh reiligiúnach, coinsiasacha nó ar chúiseanna eile, beidh soláthar ceann amháin nó ceann eile de na vacsaíní údaraithe seo le linn an chláir imdhíonta bunaithe ar threoir na saineolaithe cliniciúla, chomh maith le treoir an NIAC, ar mhaithe le maoirseacht optamach na nacmhainní cúraimí agus rochtain cothromasach ar vacsaíní sábháilteachta agus éifeachtúla do phobal áirithe a dheimhniú.

Moltar aon bhuairt a phlé leis an lia cóireála, mar is iadsan atá san áit is fear le comhairle chí a thabhairt duit. Is féidir tuilleadh a léamh faoi vacsaíní Covid-19 anseo: https://www2.hse.ie/screening-and-vaccinations/covid-19-vaccine/.

Tá an clárúcháin ar líne do vacsaíniú Covid-19 fós ar oscailt chun an deis a thabhairt dóibh siúd atá idir aois 35 agus 69 clárú don vacsaín ag am ar bith

Top
Share