Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 6 July 2021

Tuesday, 6 July 2021

Questions (200)

Catherine Connolly

Question:

200. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán soiléiriú a thabhairt ar úinéireacht an tsuímh atá ar Eastát Údarás na Gaeltachta, ar an Tulach, Baile na hAbhann, i gContae na Gaillimhe ina raibh, Fintrax, an comhlacht a díoladh ar €1.8 billiún le gairid; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [35827/21]

View answer

Written answers

Tá tugtha le fios ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil an suíomh a bhfuil an Teachta ag tagairt dó in úinéireacht an chomhlachta ó 1998 i leith, tráth ar cheannaigh siad an suíomh ó Údarás na Gaeltachta agus ar thóg an comhlacht féin an foirgneamh air sna blianta ina dhiaidh sin.

Top
Share