Skip to main content
Normal View

Ceadúnas Imill Trá agus Dobharshaothraithe

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 7 July 2021

Wednesday, 7 July 2021

Questions (219)

Catherine Connolly

Question:

219. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara soiléiriú a thabhairt maidir leis an ról atá ag Foras na Mara i measúnachtaí tionchair timpeallachta i leith forbairtí uisceshaothraithe mara; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36870/21]

View answer

Written answers

Soláthraíonn iarrthóirí ar cheadúnas uisceshaothraithe Tuarascálacha um Measúnú Tionchair Timpeallachta de réir cheanglais riachtanacha náisiúnta agus AE. Den chuid is mó, teastaíonn Tuarascálacha um Measúnú Tionchair Timpeallachta i gcás iarratas ar cheadúnas uisceshaothraithe. Tá an Tuarascáil um Measúnú Tionchair Timpeallachta ina príomhghné de bhreithniú mo Roinne ar iarratais ábhartha ar cheadúnais uisceshaothraithe.

Soláthraíonn Foras na Mara comhairle agus ionchur eolaíoch do mo Roinn maidir le Tuarascálacha um Measúnú Tionchair Timpeallachta a bhreithniú agus a mheas.

Top
Share