Fuair mé aighneacht réamh-bhuiséid TG4 do 2022. Tá an togra á scrúdú ag mo chuid oifigeach agus tá socruithe cruinnithe le TG4 ag leibhéal oifigiúil á ndéanamh faoi láthair. Táim ag súil le bualadh le TG4 tar éis an réamhphlé sin.
Fuair mé maoiniú leanúnach breise €3.5m do TG4 in 2021 a thugann TG4 chun tosaigh ar na leibhéil mhaoinithe a mholtar in Athbhreithniú Cúig Bliana Údarás Craolacháin na hÉireann ar Mhaoiniú na gCraoltóirí Seirbhíse Poiblí. Bhí an-áthas orm maoiniú forlíontach €1.9m a fháil do TG4 in 2020 a bhaineann lena gcostais chláir bhreise a d’eascair as Covid 19, go háirithe Cúla4 ar Scoil.
Tá baint ag obair Choimisiún Thodhchaí na Meán chomh maith, faoi chathaoirleacht an Ollaimh Bhriain Mhic Craith, le cúinsí maoinithe sa todhchaí. Tá sé de chúram ar an gCoimisiún smaoineamh ar an gcaoi ar féidir meáin seirbhíse poiblí a mhaoiniú ar bhealach atá inbhuanaithe, a thugann níos mó slándála maoinithe, a chinntíonn maoirseacht neamhspleách eagarthóireachta agus a thugann luach a gcuid airgid don phobal. Táim ag tnúth le héisteacht le moltaí an Choimisiúin a dhéanfaidh eolas do bheartas maoinithe sa todhchaí.