Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Leathanbhanda

Dáil Éireann Debate, Thursday - 8 July 2021

Thursday, 8 July 2021

Questions (240)

Éamon Ó Cuív

Question:

240. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén uair a chuirfear seirbhís cheart leathanbhanda ar fáil do scoil (sonraí tugtha); cén fáth nach bhfuil sé seo déanta go dtí seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [37033/21]

View answer

Written answers

Tá an scoil dá dtagraíonn an Teachta Dála ar sheirbhís gan sreang ag luas suas chuig 60 Mb/s faoi láthair. Mhéadaigh an soláthraí seirbhíse reatha an tseirbhís go dtí an luas sin le déanaí tríd an gClár Leathanbhanda le haghaidh Scoileanna. Cuireadh an scoil san áireamh i nglao ar thairiscintí le haghaidh seirbhísí a chuir mo Roinn amach le déanaí, agus bronnadh an conradh ar sholáthraí leathanbhanda ardluais. Bhí moill ar an tsuiteáil, áfach, mar gheall ar fhadhb áitiúil a bhaineann le rochtain a fháil ar an mbonneagar leathanbhanda ardluais. Tá an soláthraí seirbhíse ag iniúchadh na roghanna go léir i gcónaí chun an bonneagar a rolladh amach don scoil. Coinneofar an scoil ar an eolas faoin na forbairtí.

Tá nascacht idirlín ardchaighdeáin a sholáthar do gach scoil ar cheann de phríomhcuspóirí mo Roinne. Glactar leis go bhfuil nascacht mhaith fíor-riachtanach chun a chinntiú go réitítear an bealach do scoileanna chun leabú na teicneolaíochtaí digiteacha sa teagasc agus san fhoghlaim a chur chun cinn agus chun curaclam nua, athbhreithnithe a chur i bhfeidhm.

Faoin gclár bunscoile reatha, déanann an Roinn athbhreithniú leanúnach ar infhaighteacht seirbhísí agus déanann sí uasghrádú ar scoileanna nuair a thagann an deis chun cinn, de réir riachtanais chonartha agus bhuiséid.

Is é beartas mo Roinne an caighdeán nascachta is fearr a thairiscint do gach scoil de réir na réiteach teicniúil siúd atá ar fáil ar an margadh agus faoi na srianta airgeadais. Faoi láthair leithdháiltear infheistíocht thart ar €13m gach bliain chun nascacht idirlín a sholáthar do scoileanna. Níl an acmhainn leathanbhanda mar an gcéanna i ngach áit agus tá sé ag brath ar bhonneagar áitiúil, rud a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar an tseirbhís is féidir a chur ar fáil i scoileanna ar leith.

Tá sé de dhualgas ar mo Roinn cloí le rialacháin soláthair, agus caithfidh sí dul i dteagmháil leis na soláthraithe roghnaithe ar Chreat DE na Soláthraithe Seirbhísí Leathanbhanda trí phróiseas tairisceana chun seirbhísí a bhronnadh. Is é seo an bonn ar a mbaintear úsáid as an maoiniú stáit go léir chun trédhearcacht agus cóireáil chomhionann a chinntiú do gach scoil agus do gach soláthraí agus chun cloí leis na riachtanais rialála.

Tá mo Roinn ag obair as láimh a chéile leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide chun nascacht ardluais a sholáthar do gach bunscoil trí Limistéar Idirghabhála an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda a chur i bhfeidhm, agus trí sholáthar tráchtála. Cuirtear leathanbhanda ardluais 200 Mbp/s nó níos mó ar fáil do gach iar-bhunscoil tríd an gClár Leathanbhanda le haghaidh Scoileanna.

Top
Share