Níl Scéim Ghinearálta Bille maidir leis an Acht an Údaráis um Ard-Oideachas a athchóiriú ag fáil réidh le ról an Údaráis um Ardoideachais (HEA) ó thaobh na Gaeilge.
Foráiltear in Alt 4 d’Acht an Údaráis um Ard-Oideachas, 1971 - ag comhlíonadh a fheidhmeanna don Údarás coimeádfaidh sé i gcuimhne i gcónaí na haidhmeanna náisiúnta atá ann an Ghaeilge a aisiriú agus an tsaíocht náisiúnta a chaomhnú agus a fhorbairt agus féachfaidh sé le cabhrú leis na haidhmeanna sin a chur i gcrích.
Rinneadh é seo a nuashonrú i Scéim Ghinearálta Bille chun Acht an Údaráis um Ard-Oideachas a athchóiriú agus é seo mar Chuspóir -
Beidh aird ag an Údarás ar na cuspóirí seo a leanas agus é ag tabhairt faoina fheidhmeanna -
(b) tacú le soláthraithe ardoideachais chun cur le forbairt agus inbhuanaitheacht shóisialta, eacnamaíoch, chultúrtha agus chomhshaoil ??trí cheannaireacht, nuálaíocht agus aclaíocht .
Tá sé i gceist go gcuimseodh an tagairt d’fhorbairt chultúrtha agus d’inbhuanaitheacht tacaíocht an Údaráis um Ard-Oideachas do sholáthraithe ardoideachais agus iad ag cur le forbairt agus inbhuanaitheacht na Gaeilge.
Tá foráil sa reachtaíocht freisin don Aire chun Straitéis a ullmhú a chuimseoidh soláthar ardoideachais sa Stát, lena n-áirítear teagasc, foghlaim agus taighde idir 5 agus 7 mbliana. Cuimsíonn an fhoráil seo an riachtanas go dtabharfaidh an tAire aird ar aon pholasaithe náisiúnta ábhartha nuair a bhíonn an Straitéis seo á ullmhú. Áirítear leis seo aon pholasaithe náisiúnta atá i bhfeidhm maidir leis an nGaeilge. Dá réir sin, léireoidh an Straitéis fhadtéarmach don chóras ardoideachais an polasaí náisiúnta ar an nGaeilge.
Tá foráil sa reachtaíocht freisin go mbeidh athbhreithniú á dhéanamh go leanúnach ag an HEA ar an éileamh ar ardoideachas agus go ndéanfar moltaí maidir leis an soláthar foriomlán ar áiteanna do mhic léinn laistigh den chóras ardoideachais. Cuirfidh an t-athbhreithniú agus na moltaí seo riachtanais shóisialta, eacnamaíocha agus chultúrtha san áireamh. Cuimsíonn na riachtanais chultúrtha riachtanais na Gaeilge.
Tarlóidh an próiseas um ghrinnscrúdú réamhreachtaíochta ar an Scéim Ghinearálta i mí Iúil agus déanfaidh mé aon mholtaí ón bpróiseas seo a mheas, lena n-airítear iad siúd a bhaineann leis an nGaeilge.
Táim tiomanta go bhfanfaidh an Ghaeilge mar chuid dhílis dár gcultúr agus dár gcóras ardoideachais.