Skip to main content
Normal View

Comhfhreagras Rannach

Dáil Éireann Debate, Thursday - 8 July 2021

Thursday, 8 July 2021

Questions (65)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

65. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta an aontaíonn sé go bhfuil dualgas aige comhfhreagras trí Ghaeilge a fhreagairt as Gaeilge, de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, cén fáth nár chomhlíonaigh sé an dualgas sin sa bhfreagra a thug sé ar mo cheist parlaiminte uimhir 407 den 29 Meitheamh 2021, agus an bhfuil sé dáiríre faoi dualgais reachtúil i leith na Gaeilge in ainneoin go bhfuil sé ag baint an dualgas i leith na Gaeilge ón Údarás um Ard-Oideachas sa Bhille nua molta don eagras sin, de réir an Scéim Ghinearálta. [36780/21]

View answer

Written answers

De bharr neamairt riaracháin i mo Roinn, cuireadh an freagra ar an gCeist Pharlaiminte a ndearna an Teachta tagairt dó, ar ais as Béarla seachas as Gaeilge.

Tuigim na hoibleagáidí atá orm faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 freagra a thabhairt as Gaeilge ar cheisteanna a chuirtear isteach as Gaeilge.

Is oth liom nár tharla sé sin an uair seo.

Rinne oifigigh i mo Roinn athbhreithniú ar na nósanna imeachta lena chinntiú nach dtarlóidh sé seo arís.

Tá freagra curtha ar fáil agam as Gaeilge don Oireachtas don Cheist Pharlaiminte dar dáta 29ú Meitheamh 2021, agus tá iarrtha agam an taifead a thabhairt suas chun dáta le go mbeidh an freagra as Gaeilge amháin ar taispeáint.

Níl oibleagáid maidir leis an nGaeilge bainte agam den Údarás um Ardoideachas sa Scéim Ghinearálta de Bhille le hathchóiriú a dhéanamh ar reachtaíocht an Údaráis um Ardoideachas.

In Alt 4 d’Acht an Údaráis um Ardoideachas 1971 déantar foráil - ag comhlíonadh a fheidhmeanna don Údarás coimeádfaidh sé i gcuimhne i gcónaí na haidhmeanna náisiúnta atá ann an Ghaeilge a aisiriú agus an tsaíocht náisiúnta a chaomhnú agus a fhorbairt agus féachfaidh sé le cabhrú leis na haidhmeanna sin a chur i gcrích.

Tugadh é seo suas chun dáta sa Scéim Ghinearálta de Bhille le hathchóiriú a dhéanamh ar Acht an Údaráis um Ardoideachas go dtí an Cuspóir seo a leanas –

Cuirfidh an tÚdarás na cuspóirí seo a leanas san áireamh agus é ag tabhairt faoina fheidhmeanna –

(b) chun tacú le soláthraithe ardoideachais le hionchur a bheith acu san fhorbairt agus inbhuanaitheacht shóisialta, eacnamaíochta, chultúrtha agus thimpeallachta tríd an gceannaireacht, nuálaíocht agus aclaíocht.

Is é atá i gceist leis an tagairt don fhorbairt agus inbhuanaitheacht chultúrtha tacú ÚAO a chuimsiú do sholáthraithe ardoideachais le hionchur a dhéanamh d’fhorbairt agus inbhuanaitheacht na Gaeilge.

Tá foráil sa reachtaíocht don Aire le Straitéis a ullmhú a chlúdaíonn an fhoráil i Staid an ardoideachais, lena n-áirítear teagasc, foghlaim agus taighde idir 5 agus 7 mbliana. San áireamh san fhoráil seo éilítear go gcuirfidh an tAire aon pholasaithe náisiúnta ábhartha san áireamh agus an Straitéis seo á hullmhú. Clúdaíonn sé seo aon pholasaithe náisiúnta atá i bhfeidhm maidir leis an nGaeilge. Dá bhrí sin, sa Straitéis fhadtéarmach don chóras ardoideachais, léireofar an polasaí náisiúnta maidir leis an nGaeilge.

Sa reachtaíocht freisin, déanfar foráil go ndéanfaidh an ÚAO athbhreithniú leanúnach ar an éileamh ar ardoideachas agus déanfaidh sé moltaí maidir le soláthar áiteanna ar an iomlán do scoláirí laistigh den chóras ardoideachais. Cuirfidh an t-athbhreithniú agus na moltaí na riachtanais shóisialta, eacnamaíochta agus chultúrtha san áireamh. Sna riachtanais chultúrtha, clúdaítear riachtanais i leith na Gaeilge.

Tabharfar faoin bpróiseas grinnscrúdaithe réamhreachtaíochta ar an Scéim Ghinearálta i mí Iúil agus déanfaidh mé aon mholtaí ón bpróiseas seo a mheas, i dtaca leis an nGaeilge san áireamh.

Táim tiomanta go mbeidh an Ghaeilge mar chuid lárnach i gcónaí dár gcultúr agus dár gcóras ardoideachais.

Top
Share