Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 13 July 2021

Tuesday, 13 July 2021

Questions (311)

Éamon Ó Cuív

Question:

311. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cá mhéad talún neamhfhorbartha atá ag Údarás na Gaeltachta; cá mhéad talún neamhfhorbartha atá ag a Roinn sa Ghaeltacht; na háiteanna ina bhfuil an talamh sin suite; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [37654/21]

View answer

Written answers

Tá punann maoine forleathan ag Údarás na Gaeltachta sna seacht gContae Gaeltachta ar a bhfuil an eagraíocht ag freastal. Tá gá sciar de na foirgnimh a uasghrádú agus a chur in oiriúint do riachtanais an lae inniu agus iad a dhéanamh níos éifeachtaí ó thaobh chúrsaí fuinnimh de chomh maith.

Is é uaillmhian Údarás na Gaeltachta go mbeidh córas fuinnimh inathnuaite ag 50% dá gcuid foirgnimh faoi 2030. Sa bhreis air sin, tá an deis ann tograí pobail agus tráchtála a fhorbairt sa réimse fuinnimh inathnuaite a thacóidh le deiseanna fostaíochta a chur ar fáil san eacnamaíocht ghlas.

Sa sciar neamhfhorbartha de phunann talún an Údaráis tá portaigh, talamh féarach agus píosaí talamh aonarach i gceist chomh maith le talamh ar léas ag cliaint nó geallshealbhóirí áitiúla eile (Comhairle Contae, comharchumann srl).  Ina measc freisin tá suímh straitéiseacha tionsclaíocha atá oiriúnach do fhorbairt fiontraíochta nuair a thagann tionscadal iomchuí chun tosaigh, faoi réir maoiniú a bheith ar fáil.

Tá an briseadh síos ar an talamh neamhfhorbartha ar fáil thíos:

Punann Talamh Údarás na Gaeltachta

Iomlán (acra)

Neamhfhorbartha (acra)

Co. Dhún na nGall

451.73

73.21

Co. Mhaigh Eo

109.24

54.86

Co. na Gaillimhe

2,353.64

190.69

Co. na Mí

5.00

0.00

Co. Chiarraí

365.50

46.00

Co. Chorcaí

102.66

14.00

Co. Phort Láirge

14.90

8.00

Iomlán (acra)

3,402.67

386.76

Níl aon talaimh neamhfhorbartha ag mo Roinn fhéin.

Top
Share