Skip to main content
Normal View

Seirbhísí trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 14 July 2021

Wednesday, 14 July 2021

Questions (286)

Catherine Connolly

Question:

286. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Dlí agus Cirt an bhfuil freagraí ar fáil ar cheisteanna uimhreacha 1448, 1449 agus 1450 dar dháta an 21 Aibreán 2021; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [38220/21]

View answer

Written answers

Mar is eol duit, faoi fhorálacha an Achta um Sheirbhís Chúirteanna, 1998, is í an tSeirbhís Chúirteanna atá freagrach i mbainistiú na gcúirteanna, agus tá an tSeirbhís sin neamhspleách ag comhlíonadh a feidhmeanna di. Ina theannta sin, is ábhair a bhaineann go hiomlán le hUachtaráin na gCúirteanna agus leis na breithiúna ceannais – atá, faoin mBunreacht, neamhspleách ag comhlíonadh a bhfeidhmeanna breithiúnacha dóibh – iad cásanna cúirte aonair a sceidealú agus gnó cúirte a leithroinnt.

Chuir mé fiosruithe á ndéanamh, áfach, agus tá dearbhaithe ag an tSeirbhís Chúirteanna, cé nach gcoimeádann an tSeirbhís painéal sonrach de bhreithiúna a bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge acu, tá breithiúna a bhfuil líofacht sa Ghaeilge acu agus ar féidir leo cásanna a stiúradh i nGaeilge ag na cúirteanna seo a leanas:

- An Chúirt Uachtarach : Is féidir le 5 Breitheamh, ar a laghad, gnó breithiúnach a stiúradh trí Ghaeilge. Rinne an Chúirt Uachtarach achomharc a stiúradh go hiomlán i nGaeilge, gan aistriúchán, le fíordhéanaí.

- An Chúirt Achomhairc : 1 Breitheamh.

- An Ard-Chúirt : 1 Breitheamh.

- An Chúirt Chuarda : 3 Breitheamh.

- An Chúirt Dúiche: 7 Breitheamh.

Tá an Rialtas tiomnaithe d’acmhainní dóthanacha a chinntiú do na cúirteanna chun rochtain ar an gceartas a choinneáil do na saoránaigh go léir, lena n-áirítear na daoine ar mian leo go ndéanfaí imeachtaí a stiúradh trí Ghaeilge. Á chur sin san áireamh, féachann an Rialtas le folúntais bhreithiúnacha a líonadh chomh luath agus is féidir, agus lena chinntiú go leanfaidh ár gcúirteanna de bheith ag oibriú chomh héifeachtach éifeachtúil agus is féidir.

Déanann an tUachtarán, ag gníomhú dó nó di ar chomhairle an Rialtais, ceapacháin bhreithiúnacha de réir Airteagail 13.9 agus 35.1 den Bhunreacht. Is é an Bord Comhairleach um Cheapacháin Bhreithiúnacha an comhlacht a bhfuil curtha de chúram air iarrthóirí cuí a mholadh lena gceapadh. Tuigtear dom go lorgaítear faisnéis maidir le hinniúlacht iarratasóra sa Ghaeilge, i measc scileanna eile, ar fhoirm iarratais an Bhoird.

Leagtar amach ceanglas i gCeannteidil fhoilsithe an Bhille fá Choimisiún um Cheapacháin Bhreithiúnacha go ndéanfadh an Coimisiún um Cheapacháin Bhreithiúnacha riachtanais lucht úsáide na gcúirteanna maidir le himeachtaí a bheith á stiúradh sa Ghaeilge a chur san áireamh. Tá foráil dá samhail molta maidir le daoine le hinniúlacht sa Ghaeilge a bheith ar áireamh i gcomhaltas na breithiúnachta nuair a bheidh moltaí á gcur faoi bhráid an Aire maidir le breithiúna a cheapadh.

Foráiltear leis an Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924, gur ceart, sa mhéid gur féidir é, breitheamh a shanntar do Dhúiche nó do Chuaird ina bhfuil limistéar Gaeltachta a bheith inniúil sa Ghaeilge. Cuirtear na forálacha sin san áireamh sa phróiseas breithnithe maidir leis na folúntais iomchuí.

Foráiltear leis an Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924, gur ceart, sa mhéid gur féidir é, breitheamh a shanntar do Dhúiche nó do Chuaird ina bhfuil limistéar Gaeltachta a bheith inniúil sa Ghaeilge. Cuirtear na forálacha sin san áireamh sa phróiseas breithnithe do na folúntais iomchuí, lena n-áirítear ceapadh breithimh Cúirte Dúiche i nDún na nGall (Dúiche 1) le déanaí. Tá áthas orm a rá go bhfuil an breitheamh nua-cheaptha inniúil sa Ghaeilge.

Ar deireadh, tá Gasra Oibre, de réir an ghealltanais sa Chlár Rialtais, bunaithe ag an Rialtas chun breithniú a dhéanamh ar líon agus ar chineál na mbreithiúna atá ag teastáil chun a chinntiú go ndéanfar an ceartas a riar go héifeachtúil sna cúig bliana amach romhainn. Breithneoidh an gasra sin an ceanglas maidir le hinniúlacht sa Ghaeilge laistigh den bhreithiúnacht, chomh maith.

Top
Share