Skip to main content
Normal View

Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 27 July 2021

Tuesday, 27 July 2021

Questions (509, 510, 511, 512, 513, 514)

Pearse Doherty

Question:

509. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an méid a bhí díolta, ina iomláine, briste síos de réir contae, do Mhná Tí sa bhliain 2020 mar chúiteamh. [39243/21]

View answer

Pearse Doherty

Question:

510. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an méid a bhí díolta do Mhná Tí sa bhliain 2020 mar chúiteamh briste síos de réir incrimintí de €100; agus cé mhéad Ban Tí a fuair íocaíocht idir €300-€400, €400-€500 srl. [39244/21]

View answer

Pearse Doherty

Question:

511. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil sé ar intinn aici deontas nuathionscanta a thabhairt isteach, cosúil leis an deontas a tugadh isteach do ghnólachtaí eile, do Mhná Tí mar gheall ar na costais bhreise a bheidh orthu agus iad ag atosú in 2022. [39245/21]

View answer

Pearse Doherty

Question:

512. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an ndéanfaidh sí athbhreithniú ar an bpróiseas cúiteamh do Mhná Tí chun a chinntiú nach bhfuil an méid cúiteamh a íoctar bunaithe ar 2019 amháin i gcásanna ina bhfuil cúinsí eisceachtúla i gceist. [39246/21]

View answer

Pearse Doherty

Question:

513. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil sé ar intinn aici íocaíocht bhuan d’íosmhéid áirithe a thabhairt isteach do Mhná Tí leis na costais bhuana, mar shampla árachas, innealtóireacht srl a chlúdach. [39247/21]

View answer

Pearse Doherty

Question:

514. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an mbeidh sí sásta an spriocdháta d'iarratais le haghaidh cúiteamh do Mhná Tí, atá socraithe don Aoine an 16 Iúil 2021, a shíneadh amach mar nach bhfuil an fhoirm ar fáil i leagan crua agus go gcaithfear an fhoirm a phriontáil amach. [39248/21]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, rinneadh cinneadh i mí Bealtaine nach bhféadfadh coláistí Gaeilge feidhmiú den dara bhliain as a chéile mar gheall ar COVID-19. Rinneadh an cinneadh sin ar bhonn comhdhearcaidh, tar éis dom dul i ndáil comhairle le páirtithe leasmhara - idir lucht lóistín, lucht stiúrtha na gcoláistí agus lucht stiúrtha hallaí pobail ábhartha na Gaeltachta araon.

De thoradh an chiste ar fiú €2.2m a d'fhógair mé le gairid, beidh a fhios ag an Teachta go mbeidh cúnamh atá 25% níos fearr ná ciste cobhsaithe 2020 á chur ar fáil láithreach ar leas an tuairim is 700 teaghlach Gaeltachta atá aitheanta faoin gcóras.

Is mar aitheantas ar chostais bhreise atá ar na teaghlaigh atá an tacaíocht faoin scéim méadaithe i mbliana. Mar a bhí anuraidh, beidh an méid tacaíochta a fhaigheann gach teaghlach bunaithe ar líon na scoláirí a choinnigh siad i 2019.

Tá próiseáil iarratas ó cheann ceann na Gaeltachta idir lámha ag mo Roinn agus tuigtear dom go bhfuil íocaíochta déanta cheana féin le formhór na dteaghlach i gcontaetha Dhún na nGall, Mhaigh Eo, na Mí agus Chorcaí. I gcás nach bhfuil iarratais faighte ag mo Roinn ó theaghlaigh atá incháilithe faoin scéim, rachaidh oifigigh mo Roinne i dteagmháil leo chun a chumasú dóibh iarratas a dhéanamh. Sna cúinsí sin, ní gá síneadh a foirmeálta a chur leis an spriocdháta d'iarratais.

Leagtar amach sa tábla thíos caitachas na Roinne le teaghlaigh faoin gciste cobhsaithe de réir contae Gaeltachta. Níl briseadh síos de réir teaghlach ar fáil:

Contae

Líon teaghlach SFG 2019

Líon scoláirí SFG 2019

Íoctha* le teaghlaigh 2020

Dún na nGall

191

5,445

€306,668

Maigh Eo

44

3,278

€115,124

Gaillimh

391

12,660

€922,300

An Mhí

9

257

€17,840

Ciarraí

47

3,328

€161,144

Corcaigh

15

451

€6,456

Port Láirge

15

1,258

€21,160

Iomlán

712

26,677

€1,550,692

*Ní áirítear anseo aon íocaíocht a rinneadh le teaghlaigh i leith roinnt cúrsaí a reáchtáladh ag tús 2019 ná aon íocaíocht i leith brúnna ná coláistí cónaithe. Níor chóir aon tátal staitisticiúil a dhéanamh ó na figiúirí sa tábla seo.

Ní choinníonn mo Roinn staitisticí maidir leis na hincrimintí airgeadais ina dtiteann na teaghlaigh a fhaigheann tacaíocht faoin scéim.

Top
Share