Skip to main content
Normal View

Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 27 July 2021

Tuesday, 27 July 2021

Questions (566, 567)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

566. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cé mhéad a caitheadh ar dheontais do choláistí cónaithe agus do bhrúnna a bhaineann le coláistí samhraidh Gaeltachta gach bliain le cúig bliana anuas, agus go ndéanfaidh sí idirdhealú idir an maoiniú seo agus an maoiniú a cuireadh ar fáil do mhná agus d’fhir tí faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge sa tréimhse chéanna. [40725/21]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

567. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén fo-theideal sna meastacháin faoina dtagann an maoiniú a cuireadh ar fáil le haghaidh scoláireachtaí Gaeltachta do dhaltaí i scoileanna DEIS, faoina dtagann an maoiniú a cuireadh ar fáil le haghaidh Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, faoina dtagann deontais a cuireadh ar fáil do mhná agus d’fhir tí, agus faoina dtagann deontais a cuireadh ar fáil do choláistí cónaithe agus do bhrúnna. [40726/21]

View answer

Written answers

Tá Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge (SFG) á riar ag mo Roinn ar mhaithe le tacú leis na deiseanna sealbhaithe agus saibhrithe teanga sna réigiúin Ghaeltachta do scoláirí dara leibhéal agus do mhic léinn tríú leibhéal ó áiteanna ar fud na tíre. Tagann an scéim le cuspóirí an Rialtais i leith na Gaeilge mar atá leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030 agus is í an príombhealach a dtacaíonn an Roinn le hearnáil na gColáistí Gaeilge.

Faoin scéim seo, íoctar fóirdheontas laethúil le teaghlaigh Gaeltachta incháilithe a chuireann lóistín ar fáil dóibh siúd a fhreastalaíonn ar cheann de na coláistí samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht a bhfuil aitheantas acu faoin scéim.

Is fiú €10 in aghaidh an lae (ionann le €220 in aghaidh an scoláire i leith cúrsa trí seachtaine) an fóirdheontas seo, a mbaineann breis agus 26,000 scoláire leas as in aghaidh na bliana fad is atá siad ag fanacht in aon cheann den c. 700 teaghlach fud fad na Gaeltachta atá aitheanta faoin scéim.

Is ionann seo agus infheistíocht stáit ar fiú breis agus €4m é san earnáil go bliantúil agus déantar é a mhaoiniú as soláthar reatha (mír C3) mar chuid den Chlár Tacaíochta Pobail agus Teanga.

Íoctar deontas laghduithe (€5 in aghaidh an lae) ón bhfómhír chéanna má tá lóistín curtha ar fáil i mbrú nó coláiste cónaithe. Baineann thart ar 5% de chaiteachas na scéime gach bliain le lóistín i mbrúnna agus coláistí cónaithe.

Mar chuid de Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge (fómhír C3), cuireadh tús leis an tionscnamh DEIS Gaeltachta in 2019 faoina gcuirtear 50 scoláireacht ar fáil go bliantúil ar fiú c. €850 an ceann ar mhaithe le deiseanna faoi leith a chur ar fáil do lucht freastail iar-bhunscoileanna DEIS na tíre chun freastal a dhéanamh ar choláiste samhraidh sa Ghaeltacht.

Ina theannta seo ar fad cuirtear maoiniú ar fáil ó fhómhír C3 don scátheagraíocht Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh, CONCOS, ar mhaithe le cabhrú tuilleadh le hearnáil na gcoláistí samhraidh.

Leagtar amach sa tábla thíos caiteachas na Roinne ar Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge le cúig bliana anuas.

Bliain

Caitheachas SFG

2020

€4,459,456

2019

€4,362,096

2018

€4,134,231

2017

€4,072,253

2016

€4,013,805

Iomlán 2016-2020

€21,041,841

Top
Share