Skip to main content
Normal View

Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 27 July 2021

Tuesday, 27 July 2021

Questions (570)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

570. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cad é méid an chaiteachais a leithroinneadhle haghaidh líonraí gnó Gaeilge sa stát, agus an ndéanfaidh sí miondealú de réir líonra nó eagraíochta, lena n-áirítear Gaillimh le Gaeilge, Gael-Taca, Gnó Mhaigh Eo, agus Cill Dara le Gaeilge. [40729/21]

View answer

Written answers

Faoi na Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge de chuid mo Roinne, maoinítear réimse eagraíochtaí a thacaíonn le cur chun cinn na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht lena áiritear Gaillimh le Gaeilge, Gael Taca, Gnó Mhaigh Eo agus Cill Dara le Gaeilge. Tá maoiniú reáchtála a chur ar fáil do na heagraíochtaí seo le blianta fada anois (seachas Cill Dara le Gaeilge a bhfuil tús curtha le maoiniú na Roinne dóibh i mbliana) chun deis a thabhairt don phobal an Gaeilge a labhairt agus iad i mbun gnó agus chun gréasáin de chainteoirí Gaeilge a fhorbairt.

Gnó Gaeilge

Íoctha

2020

Ceadaithe

2021

Ceadaithe 2022

Ceadaithe 2023

Gaillimh le Gaeilge

146,035

157,460

164,460

171,000

Cill Dara le Gaeilge

-

73,046

74,692

73,000

Gnó Mhaigh Eo

139,665

-

-

-

Gael Taca

102,924

-

-

-

Tá iarratais ar mhaoiniú don tréimhse 2021 - 2023 faighte ó Ghnó Mhaigh Eo agus Gael Taca le réimse gníomhaíochtaí a chur chun cinn agus tá plé á dhéanamh idir na eagraíochtaí agus oifigigh mo Roinn maidir leis na hiarratais sin faoi láthair.

Top
Share