Aengus Ó Snodaigh
Question:447. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta tábla a sholáthar ina ndéanfar cur síos ar gach céim, dioplóma, cáilíocht, nó cúrsa atá á cur ar fáil nó á chur ar fáil ag ollscoil nó institiúid tríú leibhéal sa Stát, ina bhfuil an Ghaeilge mar bhunábhar, mar ábhar éigeantach nó roghnach i measc na modúl, nó mar mhodh teagaisc ina ndéantar ábhar eile a mhúineadh, chomh maith le figiúirí do líon na mac léinn a bhí cláraithe do gach ceann dóibh sin sna blianta acadúla 2019-2020 agus 2020-2021, agus atá cláraithe chun tabhairt fúthu don bhliain acadúil 2021-2022. [44485/21]
View answer