Mar is eol don Teachta, is iad Comhairle Contae na Gaillimhe atá freagrach as céim a trí d’fhorbairt an Chaladh Mhóir ar Inis Meáin. Tá oifigigh mo Roinne i dteagmháil rialta leis an gComhairle Contae chun dul chun cinn a dhéanamh ar an togra.
I mí Iúil thaistil grúpa chuig ionad an NMCI (National Marine College of Ireland) i gCorcaigh, áit ar tugadh taispeántas den ionsamhlú mara atá dá fhorbairt acu. Tuigim go raibh ionadaí ón gcoiste atá luaite ag an Teachta ina measc.
Tar éis seisiúin aiseolais, aontaíodh go ndéanfadh an NMCI tuilleadh forbairt ar an ionsamhlú, chun torthaí níos cuimsitheach a fháil, agus nuair atá sé sin déanta, seolfar cuireadh eile chuig na hionadaithe cuí. Is féidir liom a dheimhniú go bhfuil mo chuid oifigigh ar fáil chun bualadh le hionadaithe ón gcoiste ag aon am atá feiliúnach dhóibh.