Faoi réir alt 9(2) d' Acht na Gaeltachta is gá fógra a dhéanamh ag tabhairt le fios go bhfuil sé ar intinn an baile i gceist a ainmniú mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta ach plean teanga sásúil a bheith ullmhaithe agus ceadaithe faoin bpróiseas
Uair amháin go ndéantar na fógraí sa dá chás seo, beidh tréimhse míosa ag eagraíochtaí cáilithe chun iarratas a dhéanamh chun a bheith roghnaithe le plean a ullmhú agus a fheidhmiú don dá bhaile faoi seach.
Cuirfear ciste ar fiú suas le €20,000 ar fáil do na heagraíochtaí a roghnaítear chun cabhrú le hullmhú na bpleananna. Ach pleananna an dá bhaile a bheith faofa faoin bpróiseas cuirfear ciste bliantúil ar fiú €80,000 ar fáil thar thréimhse seacht mbliana chun cúram a dhéanamh d'fheidhmiú na bpleananna.
Tá céimeanna idir lámha ag an Roinn faoi láthair chun go ndéanfar na fógraí seo gan mhoill - rud a chuirfidh ar chumas Foras na Gaeilge na chéad chéimeanna eile a ghlacadh agus tabhairt faoi ceanneagraíochtaí a roghnú don chúram.