Skip to main content
Normal View

Forbairt Calaí agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 30 September 2021

Thursday, 30 September 2021

Questions (402)

Éamon Ó Cuív

Question:

402. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail an bhfuil i gceist aici maoiniú a chur ar fáil d’Údaráis Áitiúla le feabhas a chur ar chéibheanna agus sleamhnáin ar locha agus sa bhfarraige chun forbairt a dhéanamh ar thurasóireacht uisce ar nós bádóireacht, seoltóireacht, tumadóireacht, snámh agus rl. go mór mhór i gceantair tuaithe; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [47366/21]

View answer

Written answers

Cuireann an Scéim um Bonneagar Caithimh Aimsire Lasmuigh (ORIS) maoiniú ar fáil d'fhonn bonneagar caithimh aimsire lasmuigh nua a fhorbairt agus d'fhonn bonneagar caithimh aimsire lasmuigh atá ann cheana féin a chothabháil, a fheabhsú nó a chur chun cinn i gceantair thuaithe na tíre. Timpeall is €14 milliún an buiséad atá i gceist sa bhliain 2021 do na tionscadail atá ceadaithe.

Sheol mé an Scéim um Bonneagar Caithimh Aimsire Lasmuigh 2021 a bhfuil buiséad €14 milliún ag gabháil léi ar an 23 Aibreán 2021. Faoin scéim seo, cuirtear infheistíocht ar fáil do thionscadail agus is idir €20,000 agus €500,000 an maoiniú a bhíonn i gceist.  Tá an dáta deiridh le hiarratas a chur isteach faoi scéim 2021 caite anois agus tá na hiarratais á meas ag mo chuid oifigeach.  Tá súil agam go mbeidh mé in ann na tionscadail ar éirigh leo a fhógairt i Ráithe 4 i mbliana.

Bhí béim níos mó i scéim 2021 ar dheiseanna chun taitneamhachtaí atá suite in aice le haibhneacha, lochanna agus tránna a fhorbairt.  Rinneadh sin le súil is obair a thacaíonn le gníomhaíochtaí caithimh aimsire lasmuigh amhail cadhcáil, snámh agus clárchéaslóireacht a mhaoiniú. Mar sin féin, ní shamhlaítear go mbeadh obair bonneagair ar scála mór ar chéanna ná ar fhánaí le maoiniú tríd an scéim seo.

Top
Share