Skip to main content
Normal View

Cúrsaí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 5 October 2021

Tuesday, 5 October 2021

Questions (4)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

4. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfaca sí an moladh atá déanta ag Comhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ina thuairisc maidir le ‘Todhchaí na gColáistí Samhraidh agus an tacaíocht atá á hiarraidh ina leith’, go háirithe moladh a trí, a éilíonn ciste cobhsaíochta láithreach chun tacú le cobhsaíocht na hearnála le linn phaindéim an choróinvíris, mar a soláthraíodh anuraidh; agus cén fáth nár soláthraíodh ciste cobhsaíochta nó cúitimh don earnáil go fóill nó le linn an tsamhraidh atá díreach thart. [48284/21]

View answer

Oral answers (6 contributions)

Baineann an cheist seo leis an tuairisc ó mo choiste féin, an Comhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, dar teideal Todhchaí na gColáistí Samhraidh agus an Tacaíocht atá á hIarraidh ina Leith. Seoladh an tuairisc seo chuig gach uile Comhalta an tseachtain seo caite. Tamall de sheachtainí ó shin, sheol muid na moltaí chuig an Aire, chuig an Aire Airgeadais agus chuig an Aire Stáit, an Teachta Chambers, chun cinnte a dhéanamh go raibh siad ar an eolas faoi na moltaí ionas go mbeidh siad curtha san áireamh sa bhuiséad. Tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit ábalta freagra a thabhairt dom ar an gceist seo.

Ar dtús báire, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Teachta agus leis an gComhchoiste as an tuarascáil chuimsitheach seo a chuir i dtoll a chéile.

Is cinnte go bhfuil tábhacht ar leith le hearnáil na gcoláistí samhraidh sa Ghaeltacht, idir na deiseanna foghlama agus saibhrithe teanga a thugann siad do dhaoine óga, agus an teacht isteach luachmhar do na teaghlaigh agus pobail Ghaeltachta atá ag brath ar an ioncam sin. Mar aitheantas praiticiúil ar thábhacht na hearnála beidh a fhios ag an Teach go ndéanann mo Roinn infheistíocht bhliantúil ar fiú os cionn €4 milliún é ar leas na hearnála via scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge de chuid mo Roinne. Ina theannta sin, cuireadh tús roinnt blianta ó shin le bearta breise faoi leith ar leas na hearnála ar nós DEIS Gaeltachta agus ERASMUS Gaeltachta. Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin raon oibre seo ar fad ar shuíomh mo Roinne.

Ós rud é go mbaineann sé le gnóthaí Covid-19, mar is eol don Teachta, d’fhógair mé cheana pacáiste maoinithe méadaithe ar fiú €2.2 milliún é do na mná tí agus na teaghlaigh Ghaeltachta i mbliana mar aitheantas ar an mbealach tábhachtach a chuireann siad leis an earnáil. Ina theannta sin, d’fhógair mé ciste faoi leith le gairid ar fiú thart ar €240,000 do na hallaí pobail Ghaeltachta a úsáideann na coláistí samhraidh de ghnáth. Is maoiniú tábhachtach breise é seo mar aitheantas ar an obair fhónta a dhéanann lucht na hallaí go deonach den chuid is mó agus an tábhacht atá leo don earnáil.

Maidir leis na coláistí iad féin, tá go leor oibre déanta ag feidhmeannaigh mo Roinne le roinnt míonna anuas i gcomhar le scáthghrúpa na gcoláistí, Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh, CONCOS, agus leis na coláistí féin ar mhaithe le scéim chuí a fhorbairt chun earnáil na gcoláistí samhraidh a chobhsú. Chun go mbeifí in ann an cur chuige is fearr is féidir a aimsiú, tugadh faoi roinnt taighde faoi leith faoinar scaipeadh ceistneoir faoin ábhar ar gach coláiste atá bainteach leis an gcóras.

Tá an cheist níos casta i mbliana de bharr ioncam a bheith ag cuid de na coláistí ó fhoinsí eile nach raibh ar fáil dóibh anuraidh. San áireamh seo, tá ioncam ó scéimeanna eile de chuid an Stáit a bunaíodh de bharr na paindéime agus ioncam ó chúrsaí ar líne, go háirithe cúrsaí dírithe ar ábhar oidí. Mar sin féin, tá an obair thaighde agus anailíse réamhluaite beagnach críochnaithe agus tá súil agam an tríú beart a fhógairt go foirmiúil gan rómhoill eile ar mhaithe le leas foriomlán an chórais agus cheantair na Gaeltachta.

Is féidir leis an Teachta a bheith cinnte de go leanfaidh mo Roinn ag faire amach ar na bealaí a bhféadfaí cabhrú leis an earnáil, mar atá déanta ag an Roinn ó bunaíodh córas na gcoláistí Gaeilge.

Tá aitheantas ag dul leis an Aire Stáit, dar ndóigh, agus leis an Rialtas as an mbeartas a rinne siad maidir le hallaí pobail agus mná tí tar éis feachtas uathu sin ag lorg cuidithe. Sa chás seo, is iad na coláistí samhraidh féin atá, i roinnt cásanna, i ngéarchéim toisc gur gá dóibh airgead a chaitheamh bliain i ndiaidh bliana agus gan aon teacht isteach acu. Is éarlais a bhí in aon airgead a bhí acu agus bhí orthu é a íoc ar ais. Tugadh roinnt cuidithe dóibh in 2020 ach in 2021, ní raibh aon ioncam ann. Má tá rúnaíocht nó fógraíocht i gceist nó má tá duine ag freagairt an fhóin agus ag glacadh le bookings ar áit sna coláistí samhraidh, tá gá le hairgead. Ní suim mhór atá i gceist i gcomparáid leis na hearnálacha eile a bhfuair cuidiú le linn na paindéime. Is ceann de na heagrais iad na coláistí samhraidh agus ba chóir go mbeadh cuidiú éigin ar fáil do na heagrais seo.

Bhí teagmháil rialta ag mo Roinn leis na hionadaithe ó na coláistí agus go háirithe leis an scátheagraíocht, Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh, CONCOS. Cuireann mo Roinn deontas reáchtála ar fáil do CONCOS gach bliain ar mhaithe le cabhrú tuilleadh le hearnáil na gcoláistí samhraidh. Tuigim go maith na deacrachtaí atá ag cuid de na coláistí i mbliana de bharr nach bhféadfaí cúrsaí samhraidh dul ar aghaidh don dara bliain as a chéile. Tá go leor oibre déanta ag feidhmeanna Roinne le roinnt bliana anuas, i gcomhar leis na coláistí, ar mhaithe le scéim chuí a fhorbairt chun earnáil na gcoláistí samhraidh a chosaint. Táimid ag iarraidh an próiseas seo a chríochnú anois agus beidh an t-eolas ag teacht amach ina dhiaidh sin.

Is blianta as an ngnáth atá ann ach bhí CONCOS agus Gael Linn os comhair an chomhchoiste agus bhí eolas eile curtha isteach. Tháinig 22 moladh as an méid a bhí le rá acu. Ina measc sin, bhí gá cúnamh a thabhairt dóibh toisc go raibh roinnt acu i mbaol dúnadh toisc nach raibh aon ioncam ceart acu le dhá bhliain anuas. Ba mhór an trua é sin. Tá a lán eile gur féidir linn a dhéanamh. Ba chóir go mbeimis ag ardú na ndeontas atá ar fáil i bhfad oiread níos mó ná mar atá. Caithfimid aitheantas a thabhairt don obair atá déanta acu agus seasamh isteach agus cuidiú, má tá cuidiú de dhíth. Sin a dúirt CONCOS leis an gcoiste nuair a bhí sé os ár gcomhair níos luaithe i mbliana. Tá súil agam go dtabharfaidh an tAire Stáit éisteacht leis an méid atá sa tuairisc sin agus leis an méid a bhí le rá agus an méid atá á rá ag CONCOS agus go mbeidh toradh maith an tseachtain seo chugainn nuair a bheidh an buiséad ann.

Tá próiseas agus struchtúr ann idir an Roinn agus CONCOS chun an fhadhb seo a chríochnú, agus beidh réiteach ann idir gach páirtí. Mar a thuigfeadh an Teachta, tá an cheist níos casta i mbliana do na coláistí de bharr ioncam a bheith ag cuid de na coláistí ó fhoinsí eile nach raibh ar fáil anuraidh. Mar chuid den taighde a tugadh faoi le tamall anuas, chuir an Roinn ceistneoir faoin ábhar chuig gach coláiste atá bainteach leis an gcóras. Tá an obair thaighde agus anailíse beagnach críochnaithe, agus tá súil agam an tríú beart a fhógairt go foirmiúil gan rómhoill eile ar mhaithe le leas foriomlán an chórais agus cheantair na Gaeltachta.

Top
Share