Skip to main content
Normal View

Oideachas Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 5 October 2021

Tuesday, 5 October 2021

Questions (67)

Aindrias Moynihan

Question:

67. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cad é líon na nOifigeach Óige atá ag freastal ar na ceantair Ghaeltachta éagsúla, cad é líon na bhfolúntas atá ann agus a bhí ann le 2 bhliain anuas; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [47912/21]

View answer

Written answers

Is faoi stiúir na heagraíochta Muintearas a fheidhmíonn faoi scáth foriomlán Údarás na Gaeltachta a chuirtear i bhfeidhm clár oibre mar a bhaineann sé le gnóthaí óige sa Ghaeltacht.

Tá Bainisteoir Óige lán-aimseartha ag Muintearas Teo lonnaithe i gceanncheathrú na heagraíochta i dTír an Fhia, Co. na Gaillimhe. Ina theannta sin, tá Oifigeach Forbartha Óige lán-aimseartha lonnaithe san ionad céanna agus ag feidhmiú i réigiún Chonnacht/Laighean.

Tá Oifigeach Forbartha Óige lán-aimseartha fostaithe chun freastal ar Dhún na nGall, agus tá an tOifigeach sin lonnaithe in oifig Mhuintearais i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall.

Tá Oifigeach Forbartha Óige lán-aimseartha fostaithe chun freastal ar Chúige Mumhan, agus tá an tOifigeach sin lonnaithe sa Rinn, Co. Phort Láirge.

Ní raibh na hIonaid Óige atá faoi chúraim Mhuintearas abálta feidhmiú ó mhí Mhárta 2020 de bharr srianta COVID-19.

Tá próiseas earcaíochta ar bun faoi láthair chun Oifigeach Forbartha Óige páirt-aimseartha a fhostú d'Ionad Óige Ghaoth Dobhair, agus táthar ag súil leis an ionad sin a oscailt tar éis an 22 Deireadh Fómhair 2021.

Tuigtear don Roinn go bhfuil sé i gceist beirt Oifigeach Forbartha Óige páirt-aimseartha a earcú do d'Ionad Óige Iorras Aithneach, beirt do Chlub Déagóirí Ros Muc agus beirt eile do Chrib na nÓg ar an gCeathrú Rua nuair a bheidh deireadh le srianta COVID-19.

Chomh maith leis seo ar fad, tá an Clár TechSpace ar an bhfód ó 2015 chun cabhrú le daoine óga ábhar digiteach agus teicneolaíochta a chruthú agus iad i mbun gníomhaíochtaí ar nós scannáin dhigiteacha, dearadh gréasáin, forbairt aipeanna soghluaiste agus róbataic. Is iad Kinia, nó Camara Education Ireland mar is fearr aithne orthu, atá i mbun an tionscadal seo atá á mhaoiniú ag mo Roinn ó 2015 i leith.

Tá 12 oifigeach san iomlán fostaithe ag Kinia chun an Clár TechSpace a chur i bhfeidhm, le seachtar n-oifigeach ag freastal ar Ghaeltacht agus cathair na Gaillimhe, oifigeach amháin ag freastal ar Ghaeltacht Dhún na nGall, oifigeach amháin ag freastal ar Ghaeltacht Mhaigh Eo, oifigeach amháin ag freastal ar Ghaeltacht Chiarraí, oifigeach ag freastal ar Ghaeltacht na Mí, agus oifigeach amháin ag clúdach Gaeltacht na Rinne agus Corcaigh.

D’eascair 6 fholúntas as an gClár TechSpace le dhá bhliain anuas agus tá folúntas amháin le líonadh i láthair na huaire.

Mar a bhaineann sé leis an Roinn go díreach is fiú a lua go ndéantar riar ar raon beartas ar bhonn leanúnach le cúnamh díreach na Roinne faoi scáth An Chláir Tacaíochtaí Pobail agus Teanga atá ar leas aos óg na Gaeltachta lena n-áirítear; Cuisle (Ealaín na Gaeltachta), Clár na gCluichí Gaelacha (Comhairle Chonnacht agus Comhairle na Mumhan), Scéim na gCampaí Samhraidh (Muintearas) agus ar bhonn ginearálta Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge - ar leas breis agus 26,000 duine óg in aghaidh na bliana - idir scoláirí dara agus tríú leibhéal.

Lena chois sin, baintear leas leanúnach as an gciste caipitil a fheidhmítear faoi scáth an chláir chun áiseanna caitheamh aimsire agus spóirt a sholáthar fud fad na Gaeltachta ar leas an aosa óig.

Top
Share