Skip to main content
Normal View

Acht na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 7 October 2021

Thursday, 7 October 2021

Questions (213)

Éamon Ó Cuív

Question:

213. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén uair a dhéanfar fógra faoi réir 9(2) d’Acht na Gaeltachta 2021 ag fógairt go bhfuil i gceist An Clochán a ainmniú mar bhaile seirbhíse Gaeltachta agus ag lorg tairiscintí le plean a réiteacht; an fáth go bhfuil moill ar seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [48973/21]

View answer

Written answers

Faoi réir alt 9(2) d' Acht na Gaeltachta is gá fógra a dhéanamh ag tabhairt le fios go bhfuil sé ar intinn an baile i gceist, An Clochán sa chás seo, a ainmniú mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta ach plean teanga sásúil a bheith ullmhaithe agus ceadaithe faoin bpróiseas pleanála teanga.

Uair amháin go ndéantar an fógra, beidh tréimhse míosa ag eagraíochtaí cáilithe chun iarratas a dhéanamh chun a bheith roghnaithe le plean a ullmhú agus a fheidhmiú don Chlochán.

Cuirfear ciste ar fiú suas le €20,000 ar fáil don eagraíocht a roghnaítear chun cabhrú le hullmhú an phlean. Ach plean don bhaile a bheith faofa faoin bpróiseas cuirfear ciste bliantúil ar fiú €80,000 ar fáil thar thréimhse seacht mbliana chun cúram a dhéanamh d'fheidhmiú an phlean.

Tá céimeanna idir lámha ag an Roinn faoi láthair chun go ndéanfar an fógra seo gan mhoill - rud a chuirfidh ar chumas Foras na Gaeilge na chéad chéimeanna eile a ghlacadh agus tabhairt faoi cheanneagraíocht a roghnú don Chlochán.

Top
Share