Faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga de chuid na Roinne, cuirtear cúnamh caipitil ar fáil chun áiseanna pobail agus teanga a athchóiriú nó a fhorbairt sa Ghaeltacht - lena n-áirítear tograí sa réimse caitheamh aimsire agus spóirt.
Ós rud é go bhfuil sé mar cheann de phríomhaidhmeanna an chláir tacú le treisiú na Gaeilge ar leas an phróisis pleanála teanga agus mar chuid d'fheidhmiú Plean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge, is iondúil go mbíonn coinníollacha teanga dlúthbainteach le ceadú deontas faoin gclár. Tá tuilleadh eolais faoi ar fáil ar shuíomh na Roinne ag:
www.gov.ie/ga/seirbhis/an-clar-tacaiochtai-pobail-agus-teanga/.
Ní bhíonn a leithéid de choinníollacha i gceist maidir leis an gClár Caipitil Spóirt go hiondúil.
I gcás go mbeadh cúnamh caiptil curtha ar fáil faoin gClár Caipitil Spóirt ní fhéadfadh ábhar an deontais sin a bheith mar ábhar cúnaimh faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga agus vice a versa.