Beidh €1m breise (idir chaipiteal agus reatha) san áireamh i bhfomhír C3 de chuid mo Roinne don Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga sa Ghaeltacht in 2022, sin cistíocht iomlán ar fiú €11.2m é Baintear leas as an gcistíocht reatha go príomhá chun an trí scéim faoi leith a thagann faoina scáth a mhaoiniú eadhon: Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, Scéim na gCúntóirí Teanga agus Scéim na gCampaí Samhraidh chomh maith le tuairim is 12 eagraíocht Ghaeltachta eile a bhfuil clár oibre comhaontaithe leo agus á gcur i bhfeidhm acu go bliantúil ar son an phróisis phleanála teanga sa Ghaeltacht. Comhthreomhar leis an gcúnamh reatha, tá cistíocht caipitil á cur ar fáil faoin gclár in 2022 a mbainfear leas as chun cabhrú tuilleadh le forbairt áiseanna pobail agus teanga sa Ghaeltacht.
Faoi na Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge (Fomhír C4 de chuid mo Roinne), cuirtear idir chúnamh caipitil agus reatha ar fáil go leanúnach do réimse leathan tograí teanga taobh amuigh den Ghaeltacht. Beidh €2.3m breise san áireamh i Vóta mo Roinne do na Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge in 2022, sin cistíocht iomlán ar fiú €9.95m é. Soláthraíonn na scéimeanna seo maoiniú d’eagraíochtaí agus do thionscadail éagsúla Gaeilge, chun tacú le forbairt na hóige agus í a spreagadh trí mheán na Gaeilge. Maoineofar eagraíochtaí atá gníomhach sna réimsí gnó agus cultúrtha agus sna réimsí teicneolaíochta agus digiteacha chomh maith.
Déanfar cinntí maidir leis an mbealach a chaithfear an t-airgead breise atá faighte don dá fhomhír seo sna míonna amach romhainn.