Skip to main content
Normal View

An Coimisinéir Teanga

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 19 October 2021

Tuesday, 19 October 2021

Questions (407)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

407. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén fáth nach bhfuil aon mhaoiniú breise nó aon fhoireann breise fógartha sa Bhuiséad do 2022 chun tacú le róil nua leathnaithe an Choimisinéara Teanga mar atá molta i mBille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú). [50752/21]

View answer

Written answers

Cuirfear €200,000 breise ar fáil d'Oifig an Choimisinéara Teanga in 2022 chun cur ar a gcumas tuilleadh foirne a earcú le freastal ar na héilimh bhreise ar bheas ar an oifig mar gheall ar fhorálacha nua Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019.

Top
Share