Skip to main content
Normal View

Cumarsáid Aireachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 2 November 2021

Tuesday, 2 November 2021

Questions (459)

Éamon Ó Cuív

Question:

459. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Gnóthaí Eachtracha an bhfuil sé i gceist aige cinneadh Iosrael chun sé chinn d’eagraíochtaí Cearta Daonna a ainmniú mar sceimhlitheoirí a cháineadh; an bhfuil sé i gceist aige freisin labhairt le hAmbasadóir Iosrael agus a rá leis go gcreideann sé gur beartas meáite é seo chun an obair mhonatóireachta agus soláthar fianaise atá ar siúl ag na heagraíochtaí seo a stopadh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [53400/21]

View answer

Written answers

Rinne mé ráiteas ar an gceist seo ar an 27 Deireadh Fómhair, mar a leanas:"Tá imní orm gur ainmnigh Aireacht Cosanta Iosrael sé eagraíocht neamhrialtasach Palaistíneacha mar aonáin sceimhlitheoireachta lena n-áirítear eagraíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó Chúnamh Éireann agus an tAontas Eorpach ar an 22 Deireadh Fómhair. Tá an tAontas Eorpach i dteagmháil le húdaráis Iosrael le tuilleadh soiléiriú a fháil faoi seo. Níor cuireadh ar an eolas muid roimh ré faoi na hainmniúcháin seo, agus níl fianaise mhionsonraithe faighte againn go dtí seo.Tá Éire tiomanta d’eagraíochtaí sochaí sibhialta agus do chosantóirí chearta an duine a mhaoiniú tríd chlár Chúnamh Éireann. Déanaimid seiceálacha láidre lena chinntiú nach n-úsáidtear ár maoiniú ach chun na críche atá beartaithe. Níor dearbhaíodh le líomhaintí roimhe seo i gcoinne eagraíochtaí sochaí sibhialta ag obair sa chríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil (cPf) agus a fhaigheann tacaíocht ón Éire agus ón Aontas Eorpach.Is ceist an-tromchúiseach í an sceimhlitheoireacht, agus caithfear aghaidh a thabhairt uirthi le diongbháilteacht agus le fianaise. Mar a luaigh saineolaithe cearta daonna na Náisiún Aontaithe ina ráiteas ar an 25 Deireadh Fómhair: ‘tá reachtaíocht frithsceimhlitheoireachta deartha le críche sainiúla agus srianta, agus ní gá í a úsáid chun an bonn a bhaint go neamhcheart de shaoirsí sibhialta nó chun obair dlisteanach eagraíochtaí cearta daonna a chiorrú’. Tá sé de chumas ag an ainmniú seo cur isteach, ní amháin ar na sé eagraíocht seo, ach ar an sochaí shibhialta ar bhonn níos leithne sa chríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil (cPf) agus an bonn a bhaint ón obair dhaonnúil, fhorbartha agus chearta an duine ag dul ar aghaidh ansin.Tá ról ríthábhachtach ag eagraíochtaí sochaí sibhialta agus ag cosantóirí chearta an duine i gcur chun cinn an dlí idirnáisiúnta, na síochána, chearta an duine agus luachanna daonlathacha. Leanfaidh Éire ar aghaidh ag tacú le hiarrachtaí den sórt sin go déthaobhach agus ar leibhéal an Aontas Eorpaigh agus na Náisiún Aontaithe. "Beidh mé ag plé na n-imní seo go díreach le húdaráis Iosrael le linn mo chuairte ar an réigiún sa chéad seachtain de mhí na Samhna.

Top
Share