Skip to main content
Normal View

Clár Tógála Scoileanna

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 2 November 2021

Tuesday, 2 November 2021

Questions (570)

Gary Gannon

Question:

570. D'fhiafraigh Deputy Gary Gannon den Aire Oideachais de bhun Ceist Pharlaiminteach Uimhir 146 ar an 4ú Márta 2021, agus Ceist Pharlaiminteach Uimhir 147 ar an 19ú Bealtaine 2021, cathain a bheidh scoil (sonraí tugtha) i gContae Bhaile Átha Cliath in ann bogadh isteach san fhoirgneamh buan nua; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [53415/21]

View answer

Written answers

Tá an láithreán criosaithe scoile ag An Corrbhaile, Domhnach Bat, atá á fháil ag mo Roinn chun slí a dhéanamh d’fhoirgneamh buan don scoil dá dtagraíonn an Teachta, beagnach i gcrích ó thaobh an tíolactha dhlíthiúil. Tá an tionscadal nasctha le hiarratas ó úinéir na talún faoin bhForbairt Tithíochta Straitéisí. Tuigeann mo Roinn gur taisceadh an t-iarratas seo leis an mBord Pleanála.

Tá oifigigh i mo Roinn ag obair leis an úinéir talún i gcónaí ar na pleananna d’fhorbairt an láithreáin. Ní féidir liom aon fhaisnéis bhreise a sholáthar ag an bpointe seo mar gheall ar íogaireacht tráchtála a bhaineann le héadáil an láithreái.

Top
Share