Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Iompair

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 3 November 2021

Wednesday, 3 November 2021

Questions (179)

Éamon Ó Cuív

Question:

179. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail an mbeidh meon dearfach aici i leith seirbhís idir Oileáin Árann a chur ar fáil ar bhonn teoranta le haghaidh ocáidí spóirt, imeachtaí pobail móra, sochraidí agus bainiseacha; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [53474/21]

View answer

Written answers

Mar is eol don teachta, is thrí an córas poiblí soláthair a dhéanann an Roinn iarratas ar thairiscintí dos na seirbhísí taistil agus lastais chuig na h-oileáin.

I gcás na seirbhísí farantóireachta, is é cur chuige na Roinne ná iarratas a dhéanamh ar sholáthróirí a chuirfeadh seoltaí ar fáil lena chinntiú go mbeidh fáil ag oileánaí ar sheirbhís rialta chuig an mórthír ó cheann ceann na bliana.

Íocann an fóirdheontas costais bunaithe na seirbhíse, chomh maith le líon íosmhéid seoltaí. I gcás agus go ndéantar éileamh breise ar sheoltaí a thiteann taobh amuigh do théarmaí an chonradh, is faoi an bhfarantóir iad sin a chuir ar fáil.

I gcás an t-seirbhís aeir, níl eitiltí rialta idir na h-oileáin dhá sholáthair mar chuid den conradh reatha agus tá éileamh déanta ag na h-eagraíochtaí pobail ar na h-oileáin go mbeadh a leithéid ar fáil sa chéad conradh PSO eile.

Tuigeann an Roinn an tábhacht a bhaineann le heitiltí dhá shórt agus tá sé i gceist go dtabharfaidh an chéad conradh eile PSO deis don chomhlacht seirbhíse freastal ar éileamh dhá shórt.

Top
Share