Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Iompair

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 3 November 2021

Wednesday, 3 November 2021

Questions (180)

Éamon Ó Cuív

Question:

180. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail an bhfuil i gceist aici soláthar a dhéanamh do sheirbhísí breise meánlae do gach Satharn agus Domhnach a dhéanfadh freastal ar na trí cinn d’Oileáin Árann; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [53476/21]

View answer

Written answers

Faoi láthair déanann mo Roinn fóir-dheonú ar dhá sheirbhís paisinéara éagsúla chuig trí oileáin Árainn. Dé réir na rialacháin a bhaineann le cúrsaí soláthair poiblí, is é an íosmhéid seoltaí agus eitiltí a iarrtar ar sholáthróirí sna tairiscintí a dhéantar dos na seirbhísí sin.

Maidir leis an t-seirbhís farantóireachta is dhá sheoladh fhillte in n-aghaidh an lae, seacht lá na seachtaine t-íosmhéid seoltaí a iarradh san Iarratas ar Thairiscint. Sa gconradh a d’aontaigh an Roinn leis an bhfarantóir, cuirtear seoltaí breise i lár an lae ar fáil go hInis Mór ó lár mhí an Aibreáin go lár mhí Meán Fhómhair agus i gcás Inis Meáin agus Inis Oírr, is seoladh amháin breise ar an Domhnach a chuirtear ar fáil ó mí Bealtaine go mí Meán Fhómhair.

Tá tús le cur leis an bpróiseas athnuachana don chonradh farantóireachta sin go luath, áit go gcuirfear fáilte roimh ionchur pobail na n-oileáin agus déanfar cinneadh ar an t-íosmhéid seoltaí a iarrfar sa tairiscint ag an tráth sin.

Maidir leis an tseirbhís aeir, déantar dhá eitilt fhillte ar an Satharn agus an Domhnach go trí oileán Árainn. Is ar maidin agus tráthnóna a dhéantar iad agus i gcás Inis Mór amháin, cuirtear eitilt bhreise i lár an lae ar fáil an dá lá sin.

Tá sé i gceist go dtabharfaidh an chéad conradh eile PSO deis do cibé comhlacht a chuirfidh an seirbhís aeir ar fáil freastal ar éileamh breise ar an deireadh seachtaine.

Top
Share