Skip to main content
Normal View

Cúrsaí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 November 2021

Tuesday, 9 November 2021

Questions (301)

Éamon Ó Cuív

Question:

301. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén uair a bhfuil sí ag súil le fios a bheith aici faoin leagan amach a bheidh ar na coláistí Gaeilge an bhliain seo chugainn; cén próiseas a leanfar le cinneadh a dhéanamh faoi sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [54091/21]

View answer

Written answers

Is ar an mbunús agus ar an tnúthán go mbeidh na coláistí Gaeilge athoscailte in 2022 atá an Roinn ag feidhmiú ach, ar ndóigh, is gá do gach earnáil feidhmiú faoi réir threoirlínte COVID-19.

Ní gá a rá go leanfaidh mé féin agus mo Roinn ag coinneáil rudaí faoi bhreithniú i rith an ama agus ag obair i gcomhar leis na páirtithe leasmhara, lena n-áirítear an Roinn Oideachais, na húdaráis sláinte agus scáthghrúpa na gcoláistí samhraidh, CONCOS, ach go háirithe, chun teacht ar chur chuige slán sábháilte agus tacaíocht chuí a bheidh ar leas foriomlán an phobail, idir phobal na Gaeltachta agus pobal na gColáistí.

Is tríd an gcúnamh leanúnach a chuirtear ar fáil faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge a bheidh an Roinn ag teacht i gcabhair ar an earnáil go príomha i 2022, mar atá déanta go dtí seo.

Tá Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge (SFG) á riar ag mo Roinn ar mhaithe le tacú le deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil sa Ghaeltacht do lucht freastail iar-bhunscoileanna agus triú leibhéal na tíre. Tagann an scéim le cuspóirí foriomlána an Rialtais i leith na Gaeilge mar atá leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030.

Tá trí chiste faoi leith bunaithe ag mo Roinn i mbliana ar mhaithe le cabhrú tuilleadh leis an earnáil a chobhsú de thoradh COVID-19. Is ar lucht stiúrtha na gcóláistí atá an ciste is déanaí, ar fiú suas le €1.7m é, a d'fhógair mé coicís ó shin nó mar sin.

Tagann an ciste faoi leith seo sna sála ar an dá chiste eile ar fiú beagnach €2.5m iad a fógraíodh i rith an tsamhraidh - a bhí dirithe ar lucht lóistín an chórais agus ar hallaí pobail Gaeltachta lena mbaineann. Is fiú a lua go bhfuil an ciste a cuireadh ar fáil i mbliana do na teaghlaigh 25% níos airde ná ciste 2020 agus nár cuireadh aon chiste ar fáil do na hallaí pobail in 2020.

Níl aon amhras orm ach go gcabhróidh an ciste is déanaí tuilleadh leis an earnáil le go mbeidh teacht aniar agus athoscailt rathúil i ndán di in 2022.

Is féidir leis an Teachta a bheith cinnte de go leanfaidh mé orm mar Aire Stáit na Gaeltachta ag tacú oiread is féidir leis an earnáil tríd an gcistíocht shuntasach a chuirtear ar fáil go bliantúil ar leas an chórais.

Question No. 302 answered with Question No. 295.
Top
Share