Skip to main content
Normal View

An Garda Síochána

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 November 2021

Tuesday, 9 November 2021

Questions (536, 537)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

536. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Dlí agus Cirt cén fáth ar dhearbhaigh sí, ar an 13 Iúil 2021, nach bhfuil dualgas a thuilleadh ar ábhar Sáirsint an grád 50% a fháil sa Scrúdú Inniúlachta Béil sa Ghaeilge mar cheann de na cáilíochtaí chun ardú céime a fháil go céim an tSáirsint, agus an Garda Síochána lochtach cheana féin ó thaobh na Gaeilge de, de réir an Choimisinéara Teanga. [54509/21]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

537. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Dlí agus Cirt ar labhair sí leis an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faoi chás na Gaeilge sa Gharda Síochána sular ghlac sí an cinneadh ar an 13 Iúil 2021 gan dualgas a bheith ar ábhar Sáirsint a thuilleadh an grád 50% a fháil sa Scrúdú Inniúlachta Béil sa Ghaeilge mar cheann de na cáilíochtaí chun ardú céime a fháil go céim an tSáirsint. [54510/21]

View answer

Written answers

Molaim Ceisteanna Uimh. 536 and 537 a fhreagairt le chéile.

Ar an drochuair, níl mé in ann an t-ábhar a sholáthar laistigh den am atá ar fáil. Cuirfidh mé freagra ar aghaidh chuig na Teachta Dála i bhfoirm scríofa sna laethanta amach romhainn.

The following deferred reply was received under Standing Order 51
Tagraím do Cheisteanna Parlaiminteacha Uimhreacha 536 agus 537 an 9 Samhain 2021 uait, inar chuir tú na ceisteanna seo a leanas:
Chun a fhiafraí den Aire Dlí agus Cirt cén fáth ar dhearbhaigh sí, ar an 13 Iúil 2021, nach bhfuil dualgas a thuilleadh ar ábhar Sáirsint an grád 50% a fháil sa Scrúdú Inniúlachta Béil sa Ghaeilge mar cheann de na cáilíochtaí chun ardú céime a fháil go céim an tSáirsint, agus an Garda Síochána lochtach cheana féin ó thaobh na Gaeilge de, de réir an Choimisinéara Teanga.
Chun a fhiafraí den Aire Dlí agus Cirt ar labhair sí leis an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faoi chás na Gaeilge sa Gharda Síochána sular ghlac sí an cinneadh ar an 13 Iúil 2021 gan dualgas a bheith ar ábhar Sáirsint a thuilleadh an grád 50% a fháil sa Scrúdú Inniúlachta Béil sa Ghaeilge mar cheann de na cáilíochtaí chun ardú céime a fháil go céim an tSáirsint.
Mar is cuimhin leat, níorbh fhéidir an fhaisnéis a fháil sa tréimhse ama a bhí ar fáil, agus gheall mé go rachainn i gcomhairle leis an nGarda Síochána agus go rachainn i dteagmháil leatsa arís nuair a bheadh an fhaisnéis a iarradh ar fáil.
Tá arduithe céime chuig céimeanna Sáirsint agus Cigire sa Gharda Síochána faoi rialú ag Rialacháin an Gharda Síochána (Ceapachán chuig Céimeanna Cigire agus Sáirsint), 2021.
Is bunathrú atá sna Rialacháin nua trína fhoráil go ndéanfar comórtais ardaithe céime chuig céimeanna maoirseachta Sáirsint agus Cigire, a ndéantaí iad a bhainistiú roimhe seo go hinmheánach sa Gharda Síochána, a reáchtáil den chéad uair faoi chúram na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí.
Ceanglaítear le hAcht an Gharda Síochána, 2005 (arna leasú), go rachainnse, mar Aire Dlí agus Cirt, i gcomhairle le Coimisinéir an Gharda Síochána agus leis an Údarás Póilíneachta sula n-iarrfainn faomhadh an Rialtais chun Rialacháin maidir le cúrsaí oibríochta an Gharda Síochána a chur in éifeacht. Cuireadh bailchríoch ar na Rialacháin tar éis an-phlé idir mo Roinnse, an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus an Garda Síochána, agus i gcomhairle leis an Údarás Póilíneachta agus Cumainn an Gharda Síochána.
Leis na Rialacháin roimhe seo a raibh ardú céime chuig céim Sáirsint faoi rialú acu ceanglaíodh ar iarrthóirí pas a fháil i dtástáil inniúlachta sa Ghaeilge. Mar is eol don Teachta, téann iontrálaithe sa Gharda Síochána faoi an-chuid oiliúna cheana féin, lena n-áirítear oiliúint i gcomhair inniúlachta sa Ghaeilge. Tar éis comhchomhairliúchán idir mo Roinnse, an Garda Síochána, an tÚdarás Póilíneachta agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, comhaontaíodh nach riachtanas bunriachtanach d’iarrthóirí lena mbeith incháilithe le hardú céime a fháil chuig céimeanna Sáirsint nó Cigire é an grad 50% a bhaint amach sa Scrúdú Inniúlachta Béil sa Ghaeilge. Tá sé seo ag teacht, chomh maith, le dea-chleachtas maidir le comórtais ardaithe céime eile sa tseirbhís phoiblí trí chéile, chun a chinntiú go ndéanann an bhuíon iarrthóirí is ilghnéithí agus is féidir iarratas ar dheiseanna ardaithe céime.
Cuireadh bonn eolais faoi fhorbairt na Rialachán le Tuarascáil 2015 ó Chigireacht an Gharda Síochána, “An Phóilíneacht in Éirinn a Athrú”, inar moladh próisis nua ardaithe céime agus roghnaithe a chur ar bun, agus le hiniúchadh 2015 a rinne an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí, ina bhfuarthas amach go bhfuil Rialacháin an Gharda Síochána (Ardú Céime), 2006, as dáta agus gur gá iad a athbhreithniú.
Féadfaidh sé gur spéis leis an Teachta a thabhairt dá aire go bhfuil Straitéis nua Ghaeilge forbartha ag an nGarda Síochána agus tá curtha in iúl dom ag údaráis an Gharda Síochána go bhfuil an Straitéis sin le seoladh sna seachtainí atá amach romhainn. Tá mar aidhm leis an Straitéis seirbhísí Gaeilge a neartú laistigh den Gharda Síochána agus comhlíonadh dualgas reachtúil teanga a chinntiú. Déanfar an chéad acmhainn ar-líne le Gaelchultúr agus Fáinne nua Gaeilge an Gharda Síochána a sheoladh in éineacht leis an Straitéis, chomh maith.
Cuireadh an Sruth Gaeilge ar bun sa phróiseas earcaíochta don Gharda Síochána sa bhliain 2013 agus, faoi láthair, cuirtear suas le 10% de gach grúpa a ghlactar isteach in áirithe do chainteoirí líofa Gaeilge. Gné an-tábhachtach den Straitéis nua Ghaeilge ná líon na ndaoine a earcaítear tríd an Sruth sin a mhéadú trí fheachtais spriocdhírithe roimh gach comórtas nua.
Tá curtha in iúl dom ag an nGarda Síochána gur eisíodh Treoir sa bhliain 2018 chun a chinntiú nach n-aistreodh ach comhaltaí leis na scileanna Gaeilge cuí chuig stáisiúin Ghaeltachta, d’fhonn líon an phearsanra dhátheangaigh sna stáisiúin sin a mhéadú. Bunaíodh an Painéal Inniúlachta sa Ghaeilge faoin Treoir sin agus áirítear ann comhaltaí ar mian leo go ndéanfaí iad a aistriú chuig stáisiún Gaeltachta agus a bhfuil an toradh atá ag teastáil sa mheasúnú nua sa Ghaeilge labhartha faighte acu. Aírítear sa Phainéal nua, chomh maith, comhaltaí a earcaíodh tríd an Sruth Gaeilge sa phróiseas earcaíochta tosaigh. Ceann de spriocanna na Straitéise Gaeilge ná líon na gcomhaltaí ar an bPainéal Inniúlachta sa Ghaeilge a mhéadú trí ghrúpa oibre a bhunú chun scrúdú a dhéanamh ar bhearta a d’fhéadfadh a bheith i gceist lena spreagfaí comhaltaí chun aistriú a iarraidh chuig stáisiúin Ghaeltachta.
Tá mar aidhm leis an Straitéis nua Ghaeilge na seirbhísí dátheangacha do na cainteoirí Gaeilge go léir a théann i dteagmháil leis an nGarda Síochána, agus a bhíonn ag plé leo, a mhéadú agus tá dea-chleachtais i ndlínsí eile a bhfuil dualgais teanga dá samhail acu – eadhon, an Bhreatain Bheag agus Ceanada – mar bhonn eolais léi, mar aon le dualgais reachtúla teanga an Gharda Síochána.
Ar deireadh, tá mar aidhm leis an Straitéis nua pearsanra sa Gharda Síochána a spreagadh, agus tacú leo, chun a scileanna teanga a fheabhsú, agus áireofar oiliúint fhoirmiúil agus oiliúint neamhfhoirmiúil araon inti. Tá curtha in iúl ag an nGarda Síochána go gcuirfear cúrsaí Gaeilge ar fáil do phearsanra, chomh maith, chun cur leis na hacmhainní nua ar líne.
Tá súil agam go gcuideoidh an fhaisnéis seo leat.
Question No. 537 answered with Question No. 536.
Top
Share