Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 11 November 2021

Thursday, 11 November 2021

Questions (131)

Catherine Connolly

Question:

131. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le Ceist Pharlaiminte Uimhir 9 ar an 5ú Deireadh Fómhair 2021, cén dul chun cinn atá déanta ar an tríú beart den phacáiste tacaíochta atá beartaithe chun cabhair a thabhairt do na coláistí samhraidh i mbliana; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [55212/21]

View answer

Written answers

Beidh áthas ar an Teachta a chloisteáil go bhfuil ciste cobhsaithe ar fiú €1.7m bunaithe agam le déanaí chun teacht i gcabhair ar earnáil na gcoláistí samhraidh. Tá an chistíocht seo á cur ar fáil de thoradh cúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht a bheith curtha ar ceal den dara samhradh as a chéile mar gheall ar COVID-19.

Faoin gciste faoi leith seo, cuirfear buníocaíocht idir €500 agus €7,000 mar aon le híocaíocht ionann le €75 in aghaidh an scoláire ar fáil do choláistí incháilithe. Bunófar an íocaíocht iomlán ar an líon scoláirí a d’fhreastail ar chúrsaí samhraidh sa choláiste i gceist in 2019. Is faoi réir uasíocaíocht de €142,000 (2,000 scoláire) i leith gach coláiste ábhartha a bheadh an socrú seo le cur i bhfeidhm, rud a chuideodh le coláistí costais riaracháin, árachais agus cothabhála a chlúdach don bhliain reatha.

Tuigim go bhfuil na hiarratais á bpróiseáil go pras ag feidhmeannaigh na Roinne agus go bhfuil thart ar leath an chiste íoctha amach leis na coláistí cheana féin le seachtain anuas.

Tagann bunú na cistíochta seo sna sála ar an gciste €2.2m faoi leith a fógraíodh i mí Iúil chun tacú le teaghlaigh Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do scoláirí na gcoláistí Gaeltachta agus €240,000 do hallaí pobail na Gaeltachta chun dul i ngleic le tionchar COVID-19 ar earnáil na gcoláistí samhraidh

In éindí leis an mbeart faoi leith seo ar leas na gcoláistí agus dóibh siúd a chaill amach ar an deis freastal ar chúrsaí samhraidh i mbliana agus anuraidh, beidh an Roinn sásta mar eisceacht, gearrchúrsaí seachtaine nó coicíse a aithint faoin scéim idir seo agus an samhradh seo chugainn faoi réir ghnáthchoinníollacha na scéime agus srianta reatha COVID-19.

Is ar an mbunús agus ar an tnúthán go mbeidh na coláistí Gaeilge athoscailte in 2022 atá an Roinn ag feidhmiú.

Níl aon amhras orm ach go gcabhróidh an ciste is déanaí tuilleadh leis an earnáil le go mbeidh teacht aniar agus athoscailt rathúil i ndán di in 2022 and is féidir leis an Teachta a bheith cinnte de go leanfaidh mé orm mar Aire Stáit na Gaeltachta ag tacú oiread is féidir leis an earnáil.

Top
Share